An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara

gníomhaireacht rialtais in Éirinn

Bunaíodh an An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara (ÚCIM) in 2007 faoi fhorálacha i gCaibidil 5, den Acht Iascaigh Mara agus Dlínse Muirí 2006, agus feidhmíonn sé faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2007

Suíomh gréasáinsfpa.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: SFPAIreland LinkedIn: sea-fisheries-protection-authority-sfpa- Cuir in eagar ar Wikidata

Feidhmeanna an Údaráis cuir in eagar

  1. Forfheidhmiú éifeachtúil agus éifeachtach a dhéanamh ar dhlí na n-iascach mara agus ar dhlí sábháilteachta bia mara.
  2. Comhlíonadh an dlí iascaigh mhara agus an dlí sábháilteachta bia a chur chun cinn agus sáruithe a dhíspreagadh.
  3. Sáruithe ar an dlí iascaigh mhara agus ar an dlí sábháilteachta bia a bhrath Braith sáruithe ar an dlí iascaigh mhara agus ar an dlí sábháilteachta bia.
  4. Faisnéis a sholáthar do na hearnálacha iascaigh mhara agus bia mara ar dhlí iascaigh mhara agus dlí sábháilteachta bia agus ábhair ábhartha faoi shainchúram an Údaráis, tríd an gCoiste Comhairleach a bunaíodh faoi alt 48 den Acht thuas luaite, nó ar aon bhealach eile a mheastar a bheith oiriúnach.
  5. Comhairle a thabhairt don Aire maidir le beartas maidir le dlí iascaigh mhara agus dlí sábháilteachta bia a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
  6. Cúnamh agus faisnéis a sholáthar don Aire maidir le sainchúram an Údaráis.
  7. Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le hiascaigh mhara agus sábháilteacht bia de réir mar a éilíonn an tAire agus faoin dlí an Chomhphobail.
  8. Ionadaíocht a dhéanamh nó cúnamh a thabhairt maidir le hionadaíocht an Stáit ag fóraim náisiúnta, an Chomhphobail agus idirnáisiúnta de réir mar a iarrann an tAire.
  9. Dul i mbun aon ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis de réir mar a cheadóidh an tAire.