Andrew Graham (réalteolaí)

réalteolaí Éireannach

Réalteolaí Éireannach agus fionnachtaí an astaróidigh 9 Metis ab ea Andrew Graham (8 Aibreán 1815 - 5 Samhain 1908), a rugadh i gContae Fhear Manach Baile an Irbhinigh, Éire.[1][2]

Infotaula de personaAndrew Graham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Aibreán 1815
Contae Fhear Manach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Samhain 1908
93 bliana d'aois
Cambridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheÉire
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéalteolaíocht
Gairmréalteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidJohn Thomas Romney Robinson
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Réalteolaí ag Réadlann Mharcréidh, Contae Shligigh

cuir in eagar

Sa bhliain 1842 ceapadh Graham chun oibre i Réadlann Mharcréidh i gContae Shligigh in Ultaibh. Bhunaigh an Coirnéal Edward Cooper (1798-1863) an réadlann sa bhliain 1830, mar institiúid phríobháideach ar a eastát tuaithe. Chuir Cooper gléasanna réalteolaíochta den scoth ar fáil dó. Bhí Graham ina bhreathnadóir fuinniúil ag Marcréidh.

D’aimsigh Graham an t-astaróideach 9 Metis ó Mharcréidh an 25 Aibreán 1848 agus é ag breathnú le teileascóp leathanréimse le chró 3 orlach a mhonaraigh an ionstraimeoir Gearmánach Ertel.

Ní raibh ach ocht mionphláinéad ar eolas roimh sin, agus fuarthas na chéad ceithre cinn sa tréimhse 1801-1807, agus dá bhrí sin tharraing fionnachtain Ghraham aird nach beag. Lig a chumas matamaiticiúil dó fithis an mhionphláinéid a ríomh agus a shuíomh dealraitheach a thuar don am atá le teacht, lena n-áirítear éifeachtaí imtharraingthe pláinéid ar a bhfithis timpeall na Gréine. D'oibrigh Graham ina dhiaidh sin ar an Chatalóg Mharcréidh, a chuimsigh breathnuithe ar thart ar seasca míle réalta ar an éiclipteach a tógadh idir 8 Lúnasa 1848 agus 27 Márta 1856, agus a foilsíodh i gceithre imleabhar sna blianta 1851, 1853, 1854 agus 1856 faoi seach. Agus é ag obair air seo, d’fhorbair sé an microméadar barra cearnach, a mhéadaigh go mór an éifeachtúlacht maidir le suíomhanna (dronairde agus diallas) réada neamhaí a chinneadh. Le linn dó a bheith ag obair air seo, d’fhorbair sé an microméadar barra cearnach, a mhéadaigh go mór an éifeachtúlacht maidir le suíomhanna (dronairde agus diallais) réada neamhaí a chinneadh.

Ríomh Graham fithisí líon mór cóiméad. D'úsáideadh iad seo i leabhar a fhostóra Cometic Orbits.

D'éirigh Graham as a phost i Réadlann Mharcréidh agus thosaigh sé ag obair i gCambridge i Márta 1864.

  1. "Mr. Andrew Graham, M.A." In Memoriam. The Christian Advocate. 18 December 1908.
  2. "Report of the Observatory Syndicate on the Chief Assistant at the Observatory." Cambridge, England: Cambridge University, 23 May 1903.

Cúntóir ag Réadlann Cambridge

cuir in eagar

D'oibrigh Graham mar Chéad Chúntóir ag Réadlann Cambridge, Sasana, ó 1864 go 1903.

D’oibrigh sé ansin ar Chatalóg 'Cambridge Zone', ionchur na Faireachlainne le catalóg na réaltaí níos gile ná an mhéadaíocht 9.5, a d’eagraigh an Astronomische Gesellschaft sa Ghearmáin. Leathnú ar a chuid oibre ag Réadlann Mharcréidh ab ea é seo ar go leor bealaí, ach do réaltaí achar fada ó thuaidh ón éiclipteach. Foilsíodh an chatalóg de 14,464 réalta idir díochlaontaí 24 ° agus 31 ° ó thuaidh sa bhliain 1897.