Angélique Duruisseau

cumadóir amhrán Ceanadach

Amhránaí, scríbhneoir amhrán, aisteoir agus stiúrthóir ó Québec is ea Angélique Duruisseau (rugadh 23 Bealtaine 1981). Tá clú uirthi de bharr a leaganacha d’amhráin Edith Piaf.[1]

Infotaula de personaAngélique Duruisseau

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1981
42 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaFraincis Québec

Facebook: duruisseauangelique Souncloud: ang-lique-duruisseau Discogs: 7802284 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rinne sí staidéar ar Léiriú Amharclannaíochta in Cégep de Saint-Hyacinthe (coláiste gairmoiliúna) in Québec idir 1998 agus 2000.

Ó 1999 amach bhí sí páirteach ina lán léirithe stáitse agus i gceolchoirmeacha a cuireadh ar bun le hómós do Piaf,[2] Kurt Weill agus Jacques Prévert.[3]

I 2008 bhunaigh sí a compántas féin, Les Productions du moineau, agus d’eisigh sí albam dar theideal Mon cheval de 3 a raibh roinnt amhrán dá cuid féin ann agus amhráin le Paule Tremblay, Dave Richard agus Sylvie Royer.

Tá a lán ceoil cumtha agus léirithe aici i gcomhar le ceoltóirí eile in Québec.

Ghnóthaigh sí duais Hydro Québec sa chomórtas Ma première Place des arts i 2003 le hamhrán a chum sí féin agus duais mar amhránaí i 2005 ag an Festival international de la chanson de Granby.

Le cloisteáil cuir in eagar

  • Angélique Duruisseau chante Édith Piaf YPDS ½ [1]
  • Angélique Duruisseau - Montréal CZ ½ [2]
  • Angélique Duruisseau et le In and out band 4 360p [3]
  • Angélique Duruisseau et le In and out band 4 360p [4]

Nótaí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-12. Dáta rochtana: 2016-01-16.
  2. http://www.francofolies.com/artistes/artiste.aspx?id=9081
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-12. Dáta rochtana: 2016-01-16.