Aoibhinn Beatha an Scoláire

dán Gaeilge

Is dán é Aoibhinn Beatha an Scoláire. Ní fios cé chum, ach sa 17ú haois a scríobhadh an chóip is sine den dán seo.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilAoibhinn Beatha an Scoláire
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge
Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh léinn
Is follas díbh, a dhaoine
Gur dó is aoibhne in Éirinn
Gan smacht rí air ná ruire
Ná tiarna dá tríese
Gan chuid cíosa ag caibidil
Gan moich-éirí ná meirse
Moch-éirí ná aoireacht
Ní thabhair uaidh choíche
´S ní mó do bheir dá aire
Fear faire san oíche
Is maith biseach a sheisrí
Ag teacht taoisigh an earraigh
´S eadh is crannghail dá sheisrí
Lán a ghlaice de pheannaibh
Do bheir sé greas ar tháiplís
´S ar chláirsigh go mbinne
Greas eile ar chuairtibh
´S ar chumann charad uime.