Aoife

leannán Chú Chulainn

Sa Rúraíocht, ba í Aoife (Sean-Ghaeilge Aífe) deirfiúr agus céile comhraic Scáthaí, agus leannán Chú Chulainn. Feictear í sna seanscéalta Tochmharc Eimhire agus Anbhás Aonmhic Aoife.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAoife

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharFather and Son Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConnla Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Sa scéal Tochmharc Eimhire, bhí sí ina cónaí i dtír darbh ainm Alpi, a thuigtear gur Alba í, agus i mbun chogaidh ar an mbanlaoch, Scáthach.[1]

Sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife, ámh, bhí sí ina cónaí i Letha sa Bhriotáin, agus ba deirfiúr Scáthach í, chomh maith lena céile comhraic – deirfiúracha Árd-Greimne Lethra ab ea iad beirt.[2]

Sna scéalta

cuir in eagar
Príomhalt: Tochmharc Eimhire

Sa scéal Tochmharc Eimhire, bhí laoch na nUladh, Cú Chulainn, i mbun traenála arm faoi treorú de Scáthach, nuair a thóisigh comhraic in aghaidh Aoife. Bhí imní ar Scáthach roimh shábháilteacht Chú Chulainn, agus thug sí deoch shuain dó, ach dhúisigh sé tar éis uair amháin, in ionad na fiche ceathair gur ghnách, agus chuaidh sé a chomrac.

Chuir Aoife dúshlán ar Scáthach go comhrac aonair, agus throid Cú Chulainn ar son Scáthaí mar a laoch. Roimh an gcomhrac, d'fhiafraigh sé de Scáthach cérbh iad na rudaí ab ansa le hAoife. Thug Scáthach chun eolais gurbh iad sin a carbad agus a capaill. I mbun comhraic, bhris Aoife claíomh Chú Chulainn ina smidiríní, ach ghlaoigh sé amach go raibh a carbad agus capaill tar éis titim thar aill. A haire bainte, chloígh sé í. Ar faobhar an chlaímh, d'impigh sí go ndéanfadh trócaire uirthi. Shocraigh sé gan í a mharú, faoi dhá choinníoll: go n-éireodh sí as an gcogaíocht le Scáthach, agus go mbeirfeadh sí mac dó.[3]

Sula ndeachaigh Cú Chulainn ar ais go hÉirinn, agus Aoife torrach, thug sé fáinne óir di a thabhairt don leanbh. Ghuigh sé uirthi, agus an buachaill seacht mbliana d'aois, go dtiocfadh sé á lorg go hÉirinn, ach gan é féin a aithint.[3]


Lean an scéal ar aghaidh in Anbhás Aonmhic Aoife. Tháinig an buachaill, darb ainm Connla, go hÉirinn de réir threoracha Chú Chulainn, agus chuir a laochas seanórtha imní ar na hUlaidh. Ach níor aithnigh Cú Chulainn é; chuadar i gcomhrac, agus mharaigh Cú Chulainn a aonmhac, a fháinne ródhéanach aitheanta aige.[2][4]

  1. Kuno Meyer (eag.), "Tochmarc Emire la Coinculaind (Harleian 5280, fo. 27a)", Zeitschrift für celtische Philologie, Halle an der Saale, Max Niemeyer vol. 3, 1901, ll. 229-263.
  2. 2.0 2.1 Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Death of Conla", Ériu 1, 1904, ll. 113-121.
  3. 3.0 3.1 Kuno Meyer (aistr.), "The Wooing of Emer", Archaeological Review, Londain, vol. 1, 1888, ll. 68-75; 150-155; 231-235; 298-307
  4. Rolleston, T.W. (1986). "Celtic Myths and Legends". Londain: Gresham.