Aomadhaomachán an téarma fisice a thagraíonn don dóigh a dtarraingíonn, nó a n-aomann, réid éagsúla a chéile, go háirithe an t-aomachán leictreamaighnéadach agus an imtharraingt - nó an domhantarraingt más é an Domhan, an pláinéad ar a bhfuil cónaí orainn, atá i gceist.

Focal de chuid Ghaeilge Oirthear Uladh é aomadh ar dtús, mar a léiríonn foclóir Uí Dhuinnín dúinn. Attraction an téarma Béarla ach ba chóir gan an focal Gaeilge a úsáid leis an bhfocal Béarla a aistriú taobh amuigh de chomhthéacs na heolaíochta, murar cuid de do chanúint é.