Daonchara Éireannach ba ea an Bhantiarna Arabella Fitzmaurice Denny (1707–1792). Bhunaigh sí an Tearmann Mhaigdiléana do Chailíní Protastúnach i Sráid Leeson, Baile Átha Cliath i 1765[1].

Infotaula de personaArabella Denny
Beathaisnéis
Breith1707
Bás18 Márta 1792
84/85 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Gníomhaíocht
Gairmdaonchara, feidhmeannach gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileArthur Denny Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas FitzMaurice  agus Anne FitzMaurice

Rugadh Arabella Fitzmaurice i gContae Chiarraí, an dara hiníon de Thomas FitzMaurice, 1ú Iarla Chiarraí, agus Anne Petty (iníon an Ridire William Petty). Rith sí íoclann bhunúsach do na tionóntaí ar eastáit a athair agus í déagóir[2]. Pósadh í Coirnéal Arthur Denny, Teachta Parlaiminte Ciarraí, ar an 26 Lúnasa 1727. Chailleadh é ag 35 bliana d'aois. Aintín ba ea í de William Petty, 2ú Iarla Shelburne agus Príomh-Aire na RA[3].

Chónaigh an Bhantiarna Arabella i Peafield Cliff House (Inniu: Lios an Uisce/Lisnaskea House), An Charraig Dhubh i gContae Átha Cliath. Thug John Wesley, bunaitheoir agus ceannaire an Eaglais Mheitidisteach, cuairt di anseo i 1783[4].

Daoncháirdeas cuir in eagar

Thacaigh an Bhantiarna Denny leis an Ospidéal Páistí Tréigthe i mBÁC. Bunaíodh é chun aire a thabhairt do pháistí tréigthe mar gheall ar bhochtaineacht/mídhlisteanacht[2]. I 1760 bhronn sí cloig do Theach na mBocht i mBÁC. Chroch suas é i seomra codlata na páistí tréigthe agus úsáidtear é chun beathú na linbh a rialú[5].

Bhí sí ina ceannródaí an tOspidéal Páistí Tréigthe a leasú agus i 1764, ghabh Teach Theachtaí na hÉireann buíochas léi mar gheall ar a carthanas. D'oibrigh sí leis an gCumann BÁC, ag iarraidh lásadóireacht á thabhairt isteach sna príosúin oibre, go háirithe i measc na bpáistí[6]. Chun aitheantas a thabhairt di maidir leis an obair le daoine bochta, bronnadh Saoirse na Cathrach BÁC uirthi i 1765. Thoghadh í mar bhaill oinigh Cumann BÁC i 1766[7].

Tearmann Mhaigdiléana i Sráid Leeson cuir in eagar

Nuair a bhí Denny ag obair leis an Ospidéal Páistí Tréigthe, bhuail sí le go leor cailíní óga éadóchasacha, scartha óna bpáistí agus óna gclann. I Mí Meithimh 1767, bhunaigh sí an Tearmann Mhaigdiléana do Chailíní Protastúnacha i Sráid Leeson, teach do striapacha agus mná ag iompar clainne taobh amuigh den phósadh. Thug an tearmann lóistín, éadaí, bia agus ordaithe reiligiúnach dóibh. Ba ea an tearmann an chéad institiúid charthanach mar seo in Éirinn agus shampla ba ea é d'institiúidí eile ar fud na tíre.[2]

I 1773, bhunaigh í an Séipéal Mhaigdiléana. D'fhreastail go leor daoine as uasaicme an phobail mBÁC ar an séipéal easpagóideach seo. Séiplíneach an Tearmann Mhaigdiléana ba ea an tUrramach Dr. Joseph Henderson Singer FTCD (rúnaí Cumann Mhisinéireachta an Eaglais, agus Easpag an Mhí), an t-Urramach Cúnta J. Lowe agus an tArd-Easpag BÁC. Patrún an séipéal ab ea an Bandiúc de Gloucester[8]. Governance of the Magadalene Asylum, níos déanaí Leeson Street Trust, ainmnithe ina onóir Lady Arabella Denny TrustDenny House, atá fós cláraithe mar charthanacht inniu. Chuir an Cumann Uchtaithe Protastúnach, níos déanaí PACT, ainm Arabella House ar a hoifig.

Bhunaigh an Bhantiarna Denny teach almsan i Trá Lí[9].

Scor agus bás cuir in eagar

D'éirigh Arabella Denny as an obair i 1790 agus fuair sí bás i mBÁC ar an 18ú Márta 1792. Bhí fóibe uirthi a bheith curtha agus í fós beo. D'ordaigh sí a chorp a chóiméad sa leaba bás ar feadh 72 uair a chloig tar éis a báis[10].

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rebecca Lea McCarthy (2010-03-08). "Origins of the Magdalene Laundries: An Analytical History" (as en). McFarland. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Marian Broderick (2004). "Wild Irish Women: Extraordinary Lives from History" (as en). Univ of Wisconsin Press. 
  3. Abhba (1860-04-28). "Lady arabella denny". Notes and Queries s2-IX (226): 332–333. doi:10.1093/nq/s2-ix.226.332h. ISSN 1471-6941. 
  4. Barrie Tabraham (2002-10). "The Methodists in Ireland. A short history. By Dudley Levistone Cooney. Pp. 280+30 plates. Blackrock, Co. Dublin: Columba Press, 2001. £10.99 (paper). 1 85607 335 1". The Journal of Ecclesiastical History 53 (4): 765–825. doi:10.1017/s0022046902714796. ISSN 0022-0469. 
  5. Ian G. Wickes (1953-12). "A History of Infant Feeding". Archives of Disease in Childhood 28 (142): 495–502. ISSN 0003-9888. PMID 13114930. PMC:1988682. 
  6. "lace from Ireland, history, description and making". belovedlinens.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Dáta rochtana: 2020-02-06.
  7. "Denny, Arbella (1707–1792) | Denny, Arbella (1707–1792) Information | HighBeam Research". web.archive.org (2011-06-28). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-28. Dáta rochtana: 2020-02-06.
  8. McCarthy, Rebecca Lea, 1966- (2010). "Origins of the Magdalene laundries : an analytical history". McFarland & Company, Inc., Publishers. OCLC 941373820. 
  9. "Miscellanea Genealogica Et Heraldica and the British Archivist" (as en) (1880). 
  10. "Soul Provider For The Damsels In Distress" (en). herald. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Dáta rochtana: 2020-02-06.