Árthach mór chun bruscair, nó fuíoll gan mhaith, is ea araid bhruscair (Bosca bruscair de ghnáth).[1]

araidí bruscair

In Éirinn cuir in eagar

Sa bhliain 2023, d'iarr an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) go mbeadh araid bhruscair orgánach ar fáil láithreach ag chuile theach, árasán agus ionad tráchtála in Éirinn nach bhfuil a leithéid aige go fóill. Bhí daoine ag baint úsáid as an gnáth-araid bhruscair chun fáil réidh le hearraí orgánacha nó athchúrsáilte. Ag an am, bhí suas le 66% den bhruscar ar chóir dó a bheith in araid d'earraí orgánacha nó earraí a bhféadfaí malairt saoil a thabhairt dóibh.[2]

Bia, ábhar plaisteach agus clúidíní na príomh-ábhair a chuir daoine sna gnáth araidí tí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: araid" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-10-02.
  2. Nuacht RTÉ (2023-09-22). "EPA cáinteach maidir le soláthar araidí bruscair cuí" (as ga-IE).