Ardchros Chill Ghobáin
Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta suite i gContae Bhaile Átha Cliath is ea Ardchros Chill Ghobáin.
Ardchros Chill Ghobáin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ardchros | |||
| ||||
Suíomh cuir in eagar
Tá Crois Chill Ghobáin suite ar Lána Chill Ghobáin, Cois na Céime, timpeall 450m (490 slat) siar ó thuaidh ó lár bhaile An Chéim.
Stair cuir in eagar
Tagann ainm Chill Ghobáin[1] ó Naomh Gobán, a bhfuil an chuma air go raibh go leor díobh in Éirinn (tá mearbhall ar na cuntais naomhsheanchais). Creidtear gur tógadh an chros sa 10ú haois AD mar gheall ar an bpictiúr d'Íosa agus clóca fada air. Rinneadh adhlacadh ar an chros sa reilig agus thángthas uirthi c. 1800.[2]
Cur síos cuir in eagar
Tá an chros déanta as eibhear agus seasann sé 2.4m (7.9tr) in airde. Is cros Cheilteach í agus tá taobh amháin briste. Léiríonn an aghaidh thoir Céasadh Íosa, agus Íosa ag caitheamh róba fada. Go neamhghnách, tá bullán suite i mbonn na croise.[3]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ “Cill Ghobáin / Kilgobbin”. logainm.ie. Irish Placenames Commission. Dáta rochtana: 6 Aibreán 2019.
- ↑ “Kilgobbin Church”. edmooneyphotography (1 Iúil 2013).
- ↑ “High Cross Kilgobbin”. megalithicireland.com. Dáta rochtana: 6 Aibreán 2019.