Ardchros Naomh Marcas
Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ardchros Naomh Marcas atá suite i mBaile Coimín, Co. Chill Mhantáin, Éire.[1][2]
Ardchros Naomh Marcas | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ardchros | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Coimín, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 280 | |||
Suíomh
cuir in eagarTá Crois Mharcais suite faoi láthair ag balla theas reilig Bhurgáiste, Baile Coimín, 600 m siar ón Life.[3]
Stair
cuir in eagarCuireadh Crois Mharcais in airde sa 12ú haois in aice le séipéal agus tobar beannaithe i mBurgáiste Mór. Sa 19ú haois, tugadh Crois Naomh Baoithín air freisin. Cuireadh an suíomh faoi uisce le linn cruthú Taiscumar Pholl an Phúca, agus bogadh an chros go Reilig Bhurgáiste.[4]
Cur síos
cuir in eagarTá an chros déanta as eibhear gormliath agus seasann sí 4.3 m (14 tr) in airde. Tá fáinne gan poll ag an gcros, murab ionann agus formhór cros Ceilteacha, agus lámha neamhghnách ina fhad. Tá bocóid mhaisiúil i lár an dá aghaidh. Ar bhonn na croise tá inscríbhinn síonchaite.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “History”.
- ↑ “St. Mark's Cross - Wicklow County Tourism”.
- ↑ “St Mark's Cross, Blessington, Wicklow”.
- ↑ “St Mark's Cross Blessington « Pilgrimage In Medieval Ireland”.
- ↑ “Prehistoric and Early Ireland @ megalithomania.com - Burgage Cross, County Wicklow (St. Mark's Cross)”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 August 2016. Dáta rochtana: 1 August 2016.