Ardchros an Fhásaigh Rua
Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta atá suite in aice le Bré, Contae Chill Mhantáin, Éire, is ea Ardchros an Fhásaigh Rua, ar a dtugtar Crois Naomh Valery freisin.[1]
Ardchros an Fhásaigh Rua | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ardchros | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Mhantáin, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 337 | |||
Suíomh
cuir in eagarTá Ardchros an Fhásaigh Rua suite siar ó Bhré, díreach in aice le timpeallán Lána Berryfield, 0.5 km siar ó thuaidh ó Abhainn Bhré.
Stair
cuir in eagarBhí an chros ag Baile Maine ar dtús (thart ar 1.6km (0.99 mhíle) ón suíomh reatha), agus creidtear gur snoíodh é go déanach san 12ú haois. Tá crosa eile cosúil léi i gceantar Ráth an Dúin suite ag Ráth Michíl, Cill Gharraí agus Seanchill, agus tugtar “Crosa an Fhásaigh Rua” orthu le chéile; is dócha gur shnoigh an saor cloiche céanna iad.[2]
Dar leis an scríbhneoir Sasanach Anne Plumptre (1760–1818), a d’fhan leis an teaghlach Walker ag St. Valery in 1814–15, tugadh an chros ó ghleann go dtí an Fásach Rua, agus sheas é ar dtús i lár banraí bige. Thaistealaíodh oilithrigh ó na mílte timpeall agus chaith siad go leor cosán síos go dtí an chros.[3]
Cur síos
cuir in eagarTá an chros déanta as eibhear le banda grianchloch agus seasann sí 1.42 m (4.7 tr) ar airde agus tá sé 16 cm (6.3 orlach) ar leithead.
Tá íomhá de chéasadh Íosa ar an aghaidh thiar, agus tá dhá cheann daonna an-chaite ar an aghaidh thoir, an dá cheann le féasóg agus ceann b’fhéidir ag caitheamh mítéir. Tá dhá cheann eile ar an gcros: ceann ag sní isteach ó imeall theas an fháinne agus ceann eile suite ar an taobh thoir thuaidh den bhun.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “St. Valery’s Cross - Wicklow County Tourism”. visitwicklow.ie. Dáta rochtana: 24 November 2020.
- ↑ “Fassaroe crosses”.
- ↑ “Fassaroe Cross”.
- ↑ “Fassaroe Crosses”.