Capall folaíochta Éireannach, agus capall léimrása den chéad scoth, ba ea Arkle (19 Aibreán 1957 – 31 Bealtaine 1970), a bhuaigh Corn Óir Cheltenham trí huaire, éacht nach ndearnadh arís sa lá atá inniu ann gur tháinig réimeas Best Mate i dtús na mílaoise.[1][2] Bhuaigh Arkle 27 rásaí amach as 35 rásaí ina shaol.

Infotaula de personaArkle

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Aibreán 1957
Bás31 Bealtaine 1970
13 bliana d'aois

Find a Grave: 93950331 Cuir in eagar ar Wikidata

Tom Dreaper a thraenáil an capall i gCo. na Mí agus is é Pat Taaffe a bhí ar dhroim Arkle nuair a bhuaigh sé an Corn Óir ag Cheltenham trí gheábh as a chéile idir 1964 agus 1966.[3]

Gairm cuir in eagar

Ainmníodh Arkle tar éis na gcnoc Arkle in Albain.

Sa bhliain 1964 bhuaigh sé a chéad chorn óir i féile rásaí Cheltenham. 6 bliana a bhí Arkle nuair a thug sé Seilgrás na Núíosach leis i Cheltenham 1963.

An bhliain dár gcionn bhí grád na Núíosach fágtha ina dhiaidh ag Arkle agus bís ar lucht rásaíochta go bhfeicfí é féin agus Mill House, capall eile den chéad scoth, ag iomaíocht in aghaidh a chéile i gCorn Óir Hennessy i Newbury. Trí léim ón deireadh agus gan de thús ag Mill House air ach fad amháin capaill, sciorr Arkle. Ghlac sé tamall air Pat Taaffe lánluas a shroichint arís agus ba sa 3ú háit a chríochnaigh sé i rása a bhuaigh Mill House.

Le teacht na bliana 1965 bhain Arkle díoltas amach sa Hennessy; i gCorn Óir Cheltenham bhí sé 20 fad chun cinn ar Mill House. Agus nuair a bhuaigh sé an Whitbread in Sandown, bhí ar a laghad 2½ cloch níos mó de mheáchan ar a dhroim ná a bhí ar aon cheann den leathdhosaen capall eile sa rása.

Cuimhneachán cuir in eagar

Cuireadh Arkle chun suain ar 31 Bealtaine 1970. Anois tá cnámharlach Arkle ar thaispeáint sa Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann i gContae Cill Dara.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Arkle, clár faisnéise TG4  faoin gcapall, 2015
  • 'Laochra na Rásaíochta', Scéal Arkle, an capall rásaíochta ab fhearr riamh, 2021.[4][3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mártan Ó Ciardha (2019-03-17). "LITIR Ó SHASANA: Bhí 40,000 Éireannach ag screadach in ómós d’fhear a raibh Cromail mar ainm air!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-29.
  2. Bhuaigh Golden Miller Corn Óir Cheltenham cúig uaire as a chéile (1932-36) (2017-03-12). "Cé acu a mbeidh rith an ráis leo ag Féile Cheltenham na bliana seo, ‘Pócaí Folamh’ nó ‘Cloigeann Tinn’?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-29.
  3. 3.0 3.1 "Laochra na Rásaíochta - Arkle | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga) . 
  4. rte.ie (2021). "Laochra Na Rásaíochta". Dáta rochtana: 2023.