Arminius
Taoiseach na Cherusker (Laidin: Cherusci) ba ea Arminius, ar a dtugtar freisin Armin nó Hermann (r. 18 RC/17 RC i Magna Germania; b. AD 21 i nGermania) a chlaoígh arm Rómhánach i gCath Fhoraois Teutoburg. Bhí sé in ann tionchar díreach a fheidhmiú ar comhghuaillíocht de treibheanna gaolmhara Gearmánacha a choimeád le chéile iad i gcoinne na Rómhánach ach tar dó a bheith treascartha ag an ginearál Rómhánach Germanicus, nia an Impire Tibir (Laidin: Tiberius Julius Caesar Augustus), chuaigh a thionchar i léig agus feallmharaíodh é. Cé nár éirigh le hArminius sa deireadh aontacht a chruthú i measc na dtreibheanna Gearmánacha, d'fhág caillteanas na léigiún Rómhánach san bhforaois Teutoburg iarmhairt fadiarmhartach ar an stair ina dhiaidh sin, ní amháin ar na treibheanna Gearmánacha ach freisin ar an Impireacht Rómhánach. Ba é feachtas Ghermanicus an feachtas mór míleata deireanach Rómhánach ar bhruach thoir na Réine.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (mis) Herman c. 17 "RCh" Weser |
Bás | c. 21 36/37 bliana d'aois Germania |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Taoiseach treibhe | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | war chief (en) |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | An tArm Rómhánach |
Céim mhíleata | praefectus cohortis (en) |
Coinbhleacht | Cath Fhoraois Teutoburg, Great Illyrian Revolt (en) agus Battle of the Weser River (en) |
Teaghlach | |
Céile | Thusnelda |
Páiste | Thumelicus |
Athair | Segimerus |
Siblín | Flavus |