Is é is ascalúchán ann ná, go hiondúil in am, an t-athrúchán atriallach de thoise éigin timpeall luach lárnach (go minic, pointe cothromaíochta nó idir dhá cheann nó níos mó stáit éagsúla. I measc na samplaí aithnidiúla bheadh luascadán ag luascadh agus sruth ailtéarnach (SA). Úsáidtear an téarma 'creathadh' uaireanta mar théarma cúngn chun cur síos a dhéanamh ar 'ascalúchán meicniúil', ach úsáidtear é uaireanta freisin mar théarma comhchiallach le 'ascalúchán'. Tarlaíonn ascalúcháin ní amháin i gcórais fisiciúla ach freisin i gcórais bitheolaíochta agus sa tsochaí dhaonna.

Is córas ascalach é córas mais-sprionga neamhmhaolaithe