Ashgabat
Is é Ashgabat príomhchathair na Tuircméanastáine agus an chathair is mó sa tír. Bhí 773,400 duine ina chónaí in Ashgabat sa bhliain 2004 agus 909,000 duine sa bhliain 2009.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Aşgabat (tk) ![]() | |||||
|
|||||
![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | luach anaithnid ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | An Tuircméanastáin ![]() | ||||
Príomhchathair de | An Tuircméanastáin (1991–) ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 828,100 (2019) ![]() | ||||
• Dlús | 1,082.48 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Tuircméinis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 765 km² ![]() | ||||
Airde | 219 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1881 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Shamuhammet Durdylyyev (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 744000 — 744901 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | TM-S ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ashgabat.gov.tm… ![]() |
D'fhás an chathair as dúnfort a tógadh ann sa bhliain 1881 agus mar sin is cathair sách nua é. Tháinig an t-ainm as sráidbhaile sa limistéir. Sa bhliain 1948 bhuail crith talún mór an chathair. Níor tuairiscíodh an drochscéala go forleathan san Aontas Sóivéadach ag an am. Scriosadh gach foirgneamh a bhí déanta de bhrící agus rinne damáiste mór do na foirgnimh a tógadh le coincréit. Níltear cinnte faoi líon na ndaoine a fuair bás de bharr an chrith talún ach tá formhór na meastachán os cionn 100,000 duine básaithe. Toradh amháin an tubáiste ná an chuma nua-aimseartha ar an gcathair. Is beag seanstruchtúr fágtha ann.
Tá Ashgabat suite san Áise Láir idir Gaineamhlach Karakum agus na sléibhte Kopet Dag i ndeisceart na Tuircméanastáine, gar do theorainn na hIaráine. Tugtar uisce isteach anoir trí mheán an Chanáil Karakum ón abhainn Amu Darya. Tá suíomh Nisa, príomhchathair Impireachta na bPairteach anallód.