Bónapárt Ó Cúnasa
Is é Bónapárt Ó Cúnasa príomhcharachtar agus scéalaí an leabhair An Béal Bocht, a scríobh Brian Ó Nualláin faoin ainm cleite Myles na gCopaleen.
Cineál | duine ficseanúil carachtar liteartha |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Béal Bocht |
An leabhar cuir in eagar
Is aoir é an t-úrscéal An Béal Bocht a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1941. Déanann an leabhar scigaithris ar chuid de na leabhair bheathaisnéise a scríobhadh faoin saol dian sna ceantair Ghaeltachta, ar nós An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain agus Peig le Peig Sayers. Tá an scéal lonnaithe in áit iargúlta darbh ainm Corca Dorcha, áit ina bhfuil an saol fíordheacair, na daoine fíorbhocht agus an aimsir fíorfhliuch.[1]
Téamaí cuir in eagar
Is iad na mórthéamaí sa leabhar ná an greann, an Ghaeilge, agus bochtanas agus cruatan an tsaoil sa Ghaeltacht.
An scéal cuir in eagar
Buailimid le Bónapárt den chéad uair agus é ag teacht i dtreo dheireadh a shaoil. Is éard atá sa leabhar seo ná a chuimhní cinn agus é ag breathnú siar ar an saol bocht, dian a bhí aige i gCorca Dhorca.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ An Béal Bocht le Myles na gCopaleen : Na gCopaleen, M, 1941. An Béal Bocht. 3rd ed. Ireland: Mercier Press
Léitheoireacht Breise cuir in eagar
- Gaelically Gaeilic : http://www.necessaryprose.com/poormouth.htm Curtha i gcartlann 2018-08-24 ar an Wayback Machine
- Flann O'Brien, Myles, and The Poor Mouth : http://dmtr.nm.ru/kiberd.htm Curtha i gcartlann 2015-06-01 ar an Wayback Machine
- Flann O'Brien and Postmodernism : http://qualitywaffle.ie/flann-obrien-and-postmodernism/ Curtha i gcartlann 2014-04-19 ar an Wayback Machine
- The Scriptorium - Flann O'Brien : http://www.themodernword.com/scriptorium/obrien.html#abb Curtha i gcartlann 2006-03-29 ar an Wayback Machine