Is é Port na Farraige GoirtUna ballata del mare salato (Iodáilis) agus La Ballade de la mér salée (Fraincis), an chéad leabhar sa tsraith Corto Maltese, úrscéal grafach le Hugo Pratt a foilsíodh ó Iúil 1967 go Feabhra 1969 sa mhíosachán Iodálach Il Sergente Kirk. Foilsíodh an chead aistriúchán Fraincise in Eanáir 1973 in France-Soir, sular fhoilsigh Casterman i bhfoirm leabhair é i 1975. Bronnadh an duais don saothar eachtrannach is fearr ar an leabhar ag Féile Angoulême 1976.

WD Bosca Sonraí LeabharPort na Farraige Goirt
Cineálcomic book album (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarHugo Pratt Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Carachtair
Cuid den tsraith
Corto Maltese Cuir in eagar ar Wikidata

"Aithnítear go coitianta a thábhacht stairiúil", dar le hErwin Dejasse "mar an chéad fhíorúrscéal grafach [1]". Taobh amuigh dá bhuanna ealaíne, chruthaigh sé do na foilsitheoirí go raibh brabús le déanamh as úrscéal grafach a mbeadh níos mó ná an gnáth 44 nó 46 leathanach ann[2].

Is sa Mheilinéis idir Samhain 1913 agus Eanáir 1915 a thiteann an scéal amach. Léirítear ann Raspúitín, Corto Maltese agus na col ceathracha Groovesnore, agus iad ag imeacht ó oileán go hoileán i scéal foghlaíochta mara i bhfíorthús an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Aitheantas cuir in eagar

  • Bhí an leabhar i 2012 sa tríú háit sna 50 úrscéal ghrafacha a roghnaigh an iris liteartha Lire[3].
  • Ainmníodh an leabhar ar '100 Leabhar an Chéid' in Le Monde.[4]

Tagairtí cuir in eagar

Fonótaí
  1. Erwin Dejasse, 'La Ballade de la mer salée', in Thierry Groensteen (eag.), Primé à Angoulême: 30 ans de bandes dessinées à travers le palmarès du festival, Angoulême, Éditions de l'An 2,‎ 2003.
  2. Erwin Dejasse, 'La Ballade de la mer salée', in Thierry Groensteen (eag.), Primé à Angoulême: 30 ans de bandes dessinées à travers le palmarès du festival, Angoulême, Éditions de l'An 2,‎ 2003.
  3. Lire.fr, Samhain 2012
  4. "Le Monde: 100 Leabhar an Chéid" (Fraincis).