Baile an Teampaill

bruachbhaile de chuid Chathair Chorcaí

Is bruachbhaile de chuid Chorcaí é Baile an Teampaill[1] atá suite in oirthear na cathrach cois Laoi idir Corcaigh agus an Charraig Dhubh. Uair dá raibh, bhí Baile an Teampaill ina shráidbhaile scartha ó Chorcaigh ach inniu tá sé ceangailte leis an gcathair.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile an Teampaill

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°54′N 8°26′W / 51.9°N 8.43°W / 51.9; -8.43
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165430

An sráidbhaile cuir in eagar

Ritheann Bóthar na Dúcharraige tríd an sráidbhaile, ina bhfuil oifig an phoist, siopaí beaga, agus dhá theach tábhairne – The Venue agus The Temple Inn (ar a dtugtar Longboats go háitiúil). Tá Ionad Lavanagh suite i mBaile an Teampaill chomh maith, a thugann seirbhís do dhaoine corpéislinneacha, idir óg is aosta. Tá an-chuid saoráidí ag an ionad, lena n-áirítear linn snámha.

Spórt cuir in eagar

Páirc Uí Rinn sa cheantar, chomh maith le Páirc Uí Chaoimh, iad araon úsáidte ag foirne Chorcaí san iomáint agus sa pheil. Tá Páirc Uí Rinn díreach in aice Temple Hill, an staid rugbaí ina n-imríonn Cork Constitution.

Stair cuir in eagar

Tá fothrach chaisleáin an Dúin Daingean suite i ngar do Pháirc Uí Chaoimh cois Laoi. Deirtear gur fhág William Penn, an té a bhunaigh Pennsylvania, é ar a shlí go Meiriceá i 1682. Deirtear chomh maith gur chaith Sir Walter Raleigh tréimhse beag ann roimh a thuras farraige deireanach don Indiacha Thiar i Lúnasa 1617.

Bhí an t-ollamh George Boole, a chruth ailgéabar Boole, ina chónaí ann i rith an 19ú haois agus é ag obair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Lá amháin, shiúil sé na ceithre mhíle faoi bháisteach trom idir a chónaí agus an coláiste chun léacht a thabhairt. Fuair sé niúmóine ina dhiaidh agus d’éag sé i mí na Nollag 1864.

Spriocanna eile cuir in eagar

In aice láimhe Páirc Uí Rinn feictear cairéal Bhaile an Teampaill atá tréigthe inniu ach a thug soláthar aolchloiche do Chathair Chorcaí leis na cianta. Tá páirceanna Chumann Talamhaíochta na Mumhain suite in aice le Páirc Uí Chaoimh – baintear úsáid astu do thaispeántais talmhaíochta.

  1. Baile an Teampaill/Ballintemple | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.