An Bhainis i gCána

(Athsheolta ó Bainis Chána)


An chéad mhíorúilt a chuirtear i leith Íosa Críost i soiscéal Eoin ná scéal ina ndearna sé fíon d'uisce ag bainis i gCána na Gailíle.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Bhainis i gCána
Íomhá
Cineál Bainis
miracles of Jesus (en) Aistrigh
téama ealaíne
scéal sa Bhíobla
deabhóidí don Mhaighdean Mhuire Edit the value on Wikidata
Cuid de Soiscéal Eoin, Luminous Mysteries (en) Aistrigh agus beatha Íosa sa Tiomna Nua
Suíomh Cána Edit the value on Wikidata
Earra a úsáidtear
Reiligiún An Chríostaíocht

I scéal an tSoiscéil, tugtar cuireadh d'Íosa, a mháthair, agus a dheisceabail chun bainise. Nuair a thugann a mháthair faoi deara nach bhfuil aon fhíon fágtha, déanann Íosa fíon d'uisce. Is ábhar conspóide i measc scoláirí bíobalta agus seandálaithe láthair Chána; tá roinnt sráidbhailte sa Ghailíl a d'fhéadfadh a bheith ann.

Glactar leis an gcuntas mar fhianaise ar aontú Íosa le pósadh agus le ceiliúradh saolta, agus úsáidtear é freisin mar argóint i gcoinne lánstaonta.

An scéal sa BhíoblaCuir in Eagar

Deir sé i Soiscéal Eoin 2:1-11 go raibh Íosa ag bainis “i gCána sa Ghailíl” lena mháthair (gan ainm i Soiscéal Eoin) agus lena dheisceabail. Dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu,” agus d’fhreagair Íosa, “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair ansin leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” (Eoin 2:3-5). D’ordaigh Íosa do na seirbhísigh soithí cloiche a líonadh le huisce, iad a tharraingt amach, agus é a thabhairt go dtí máistir na fleá. Tar éis don máistir an t-uisce ina fhíon a bhlaiseadh, i ngan fhios dó cárb as ar tháinig sé, dúirt sé leis an bhfear nuaphósta gur imigh sé ón nós an fíon ab fhearr a riar ar dtús (Eoin 2:6-10). Deir an soiscéalaí mar fhocal scoir: “Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann” (Eoin 2:11).[1]

Colm CilleCuir in Eagar

Deirtear go ndearna Naomh Colm Cille míorúilt cosúil leis seo sa séú haois nuair a bhí sé ina dheagánach in Éirinn faoi Fhionnán Mhaigh Bhile. Bhí Fionnán ag léamh Aifrinn, ach ní raibh aon fhíon acu. Chuaigh Colm Cille ar aghaidh ansin go dtí tobar agus tharraing sé uisce. Ghlaoigh sé ar ainm Chríost agus bheannaigh sé an t-uisce a tharraing sé as an tobar, agus leis sin, rinneadh fíon de, agus thug sé an fíon chuig an Aifreann.


San ealaínCuir in Eagar

Is iomaí léiriú ar an mbainis i gCána i stair na healaíne.


TagairtíCuir in Eagar

  1. "An Bíobla Naofa" (in Gaeilge) (1981). An Sagart.