Is ainm coitianta a thugtar ar sheilidí mara áirithe é bairneach. Bíonn sliogán cónúil agus cos láidir mhatánach acu. Is baill den aicme Gastropoda iad, ach tá siad polaifíléiteach, is é sin le rá gur shíolraigh na grúpaí éagsúla ar a dtugtar “bairnigh” go neamhspleách ó ghastrapóid shinsearacha éagsúla. Is bairnigh iad gach ball den chlád mór ársa Patellogastropoda. Laistigh den chlád sin, is minic a thugtar “fíorbhairnigh” ar bhaill den fhine Patellidae (féach an géineas Patella freisin).

Patella vulgata

Tugtar “bairnigh” ar ghrúpaí eile nach bhfuil sa fhine chéanna, mar gheall ar an gcosúlacht idir a sliogáin. Mar shampla, an fhine Fissurellidae (na bairnigh iascáin), laistigh den chlád Vetigastropoda, agus na Siphonariidae (na bairnigh bhréige), a úsáideann siofón chun uisce a phumpáil ar a gcuid geolbhach.

Nuair a úsáidtear an téarma “bairneach” i gcomhthéacs Éireannach, is minic a bhíonn an bairneach coiteann (Patella vulgata) i gceist.

Nathanna cainte

cuir in eagar
  • Chomh bocht le bairneach (= an-bhocht)
  • Dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach (= éirí níos measa)