In Éirinn, is foroinn stairiúil de chontae í barúntacht, ar aon dul leis na céadta inar roinneadh contaetha Shasana. Cruthaíodh barúntachtaí le linn athghabháil na dTúdarach ar Éirinn, in ionad na dtríocha céad a bhí ann roimhe seo, a tugadh isteach tar éis chéad-ionradh na Normannach. Rinneadh roinnt de na barúntachtaí luatha a fhoroinnt ina leathbharúntachtaí ina dhiaidh sin agus an seasamh céanna acu le barúntachtaí iomlána.

Léarscáil de Bharúntachtaí na hÉireann sa bhliain 1899