Bartolomeu Dias
Taiscéalaí agus loingseoir Portaingéileach ab ea Bartolomeu Dias, nó Bartholomew Diaz; (timpeall 1450 – 29 Bealtaine 1500). Ba é an chéad Eorpach a bhain amach rinn theas na hAfraice agus a chuaigh isteach san Aigéan Indiach.
Bartolomeu Dias | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Algarve, 1450, 1451 |
Náisiúntacht | Ríocht na Portaingéile |
Bás | Rinn an Dóchais, 29 Bealtaine 1500 |
Muintir | |
Siblíní | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | An Phortaingéilis |
Gairm | |
Gairm | taiscéalaí |
SaolCuir in Eagar
Nuair a fuair an Prionsa Anraí, an Loingseoir, bás, shocraigh a athair, an Rí Eoin II go leanfadh sé ar aghaidh ag tabhairt cuidiú do thaiscéalaithe.[1] Ba é Bartholomew Diaz an chéad duine a chuaigh síos go dtí an pointe is deisceartaí san Afraic.
Thug Dias "Rinn na Stoirmeacha" ar an rinn seo siocair na stoirmeacha millteanacha a ndeachaigh sé tríothu. Ach thug Rí na Portaingéile "Rinn an Dóchais" air mar bhí dóchas aige go dtiocfadh an Phortaingéil ar bhealach nua go dtí an tOirthear, rud a rinne Vasco da Gama i 1498.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ cogg.ie. "Taiscéalaíocht". Dáta rochtana: 2020.