Bavaria
Is grúdlann Ollannach í Bavaria. Tá sí suite i Lieshout i dTuaisceart Brabant san Ísiltír. Bhunaigh Laurentius Moores an ghrúdlann i 1719.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | grúdlann |
Foirm dlí | Naamloze vennootschap |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1680 |
Gníomhaíocht | |
Táirge | beoir agus Lambertus Bier (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Codanna | |
Eile | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | http://www.bavaria.com/ |
- Baineann an t-alt seo leis an ngrúdlann Ollannach; má tá suim agat sa réigiún sa Ghearmáin, féach An Bhaváir
Sonraithe Gearra
cuir in eagarIs le muintir Swinkels an ghrúdlann.
Táirigíonn an comhlacht raon lágair meathbháin le méideanna éagsúla alcóil iontu. Déanann siad é seo faoi brandainmneach difrúila, ina measc Bavaria agus Hollandia. Tá conradh ag Bavaria chun roinnt brandaí Eorpacha aonaracha lágar Ollannach eile a ghrúdú.
Stair
cuir in eagarBhunaigh Lauentius Moors an ghrúdlann i 1719 agus tháirg sé thart ar 88 bairille beoracha in aghaidh na bliana. Nuair a fuair Jan Sbinkels an ghrúdlann trí oidhreacht i 1851, tharla forleathnú ar an ngrúdlann. Méadaíodh a dtáirgeacht agus a gcur amach. Faoi 1924 bhí an ghrúdlann éirithe róbheag agus tógadh ceann nua. Cuireadh gléasra meicniúil buidéalaithe leis i 1933 a tháirg 2,000 budéal in aghaidh na huaire. Tógadh monarcha braiche i 1910 a tháirgeann braich do ghrúdlann Bavaria agus roinnt grúdlann eile fós. Tá fáil ar Bhavaria in dhá thír faoi láthair, Éire ina measc. Táirgeann Bavaria 400 milliún lítear in aghaidh na bliana.
Corn Domhanda FIFA 2006
cuir in eagarChruthaigh Bavaria roinnt conspóide ag an gCorn Damhnada sacair i 2006, nuair a chaith lucht tacaíochta foireann náisúinta na hÍsiltíre, Leeuwenhosen(cineál éadaigh), leis an lógó Bavaria orthu. Tugadh na Leeuwenhosen saor in aisce do dhaoine a cheannaigh earraí Bavaria. Dúirt FIFA go raibh sé seo mídhleathach mar gheall gur 'ambush marketing' a bhí ann agus bhí comhluchtaí móra tar éis airgead mór a íoc chun na cearta urraithe a bheith acu. Ag an gcluiche i gcoinne an Chósta Eabhair, bhí ar an lucht tacaíochta na Leeuwenhosen a bhaint díbh agus iad a athrú le cinn gan lógó ar bith orthu.
Naisc Seachtarachta
cuir in eagar- Bavaria Brouwerij
- Bavaria U.S. Curtha i gcartlann 2007-11-11 ar an Wayback Machine