Lionn dubh, nó pórtar, is ea Beamish Genuine Irish Stout. Táirge de chuid Beamish & Crawford is ea é agus bíonn sé á ghrúdú i dtuaisceart Chathair Chorcaí, Éire. Tá neart c. 4.3% alcóil ann, agus 38-44 aonad searbhais[1]. Tá sé ar fáil in Éirinn ar buacaire i dtithe tábhairne agus i gcannaí ach baineadh den mhargadh idirnáisiúnta é sa mbliain 2009[2].

Bosca Sonraí EagraíochtaBeamish
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbranda beoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbeamish.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Póstaer de chuid ghrúdlann "Beamish & Crawford", circa 1919

The Cork Porter Brewery a bhí ar an ngrúdlann bhunaidh, a bhí lonnaithe i ndeisceart na cathrach. William Beamish, William Crawford, Richard Barrett agus Digby O'Brien a chuir ar bun í, ar 13ú Mí Eanáir 1792[3]. Bhí an-rath ar an bhfiontar agus bhí táirgeacht de 100,000 bairille aige fé bliain a 1805[1]. Deineadh comhlacht poiblí dhi i mbliain a 1901 agus bhí a neamhspleáchas aige seo go bliain a 1962, nuair a thóg Carling O'Keefe Limited, ilchomhlacht grúdlannaíochta Ceanadach, seilbh iomlán air[3].

Mar sin féin, fágadh méid áirithe smachta ar a chuid cúrsaí féin ag Beamish & Crawford fén seilbh seo agus ina dhiaidh sin, nuair a cheannaigh Elders IXL na hAstráile Carling O'Keefe (1987) agus nuair a dhíol Elders Beamish & Crawford le Scottish & Newcastle i mbliain a 1995 (Fosters Group a bhí ar Elders um an dtaca sin).

I mbliain a 2008, cheannaigh cuibhreannas de chuid Heiniken International agus Carlsberg Scottish & Newcastle[4][5] agus an bhliain chéanna fógraíodh go raibh Beamish & Crawford le dúnadh[6]. Dúnadh an ghrúdlann an bhliain dár gcionn agus aistríodh grúdú Beamish Genuine Irish Stout go grúdlann Heiniken sa Linn Dhubh i dtuaisceart Chathair Chorcaí. Grúdlann Murphy is ea í seo, go dtugtar Grúdlann Thobar Muire uirthi de ghnáth.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Classic Stout and Porter, Prion Books, 1997.
  2. [1], Heineken calls time on Beamish abroad
  3. 3.0 3.1 A Handbook for the Licensed Trade, O'Gorman, 1994.
  4. [2], S&N shareholders approve takeover.
  5. [3], Beamish to change hands in S&N deal
  6. [4], Heineken to close historic Beamish & Crawford brewery

Naisc sheachtracha cuir in eagar