Is éard is weblog, blog nó, as Gaeilge, blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.[1]

Blog (1).jpg

Sainmhíniú eile ná dialann idirlín, nó leathanach gréasáin a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas.

Tá an focal féin, blog as Béarla, bunaithe ar an téarma weblogweb logbook, is é sin, logleabhar gréasáin.

StairCuir in Eagar

Is féidir a rá gurbh é an nuachtghrúpa (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd Usenet) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. Ba é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim díospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.

Thosaigh na dialanna Idirlín nó cíona lae lín (focal eile ar dialann isea 'cin lae') ag dul i bhfairsinge timpeall na bliana 1994, ach níor cumadh an téarma sin "blog" ach sa bhliain 1999. Ba é Jorn Barger a cheap an téarma "weblog", agus is éard a bhí i gceist aige ná fíor-logleabhar gréasáin, is é sin, dialann scimeála Idirlín ina dtugadh sé cur síos ar rudaí spéisiúla éagsúla ar tháinig sé trasna orthu ar a chamchuairt ar an nGréasán. Ba é Peter Merholz, áfach, a rinne an athanailis ar an bhfocal "weblog" mar "we blog", agus go gasta ina dhiaidh sin, thosaigh na daoine ag tagairt don "bhlagáil", is é sin, ag baint úsáide as an mbriathar úd to blog sa chiall "do logleabhar gréasáin a leasú, ábhar nua a chur leis".

Faoin am sin a chuaigh na blaganna i bhfairsinge, agus bunaíodh láithreáin Ghréasáin a bhí deartha le haghaidh bhlagadóirí, agus iad ag tairiscint uirlisí agus bogearraí le haghaidh blagála. Ba é an tOpen Diary, a hosclaíodh i Mí Dheireadh Fómhair 1998. An bhliain a bhí chugainn, bhunaigh Brad Fitzpatrick, ceannródaí blagála, an pobal Gréasáin úd LiveJournal. Ba iad Evan Williams agus Meg Hourihan a chuir tús le Blogger.com sa bhliain chéanna.

NaiscCuir in Eagar

  • Blaganna as Gaeilge: Tá liosta de na blaganna le fáil anseo[2]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Breandán Delap (2012). "Ar an taifead (Cois Life)". 1lib.domains. Dáta rochtana: 2022-04-22.[nasc briste go buan]
  2. "Indigenous Blogs: Gaeilge". indigenousblogs.com. Dáta rochtana: 2022-04-23.