Bolcán (miotaseolaíocht)

dia na tine

Is é Bolcán (Laidin:Volcānus, Volchanus, Volkanus) dia na tine,[1] lena n-áirítear tine na bolcán, fásaigh, oibriú miotail agus obair cheárta i sean-reiligiún agus miotas na Róimhe. Is minic a léirítear é le casúr gabha.[2] Ba é an Vulcanalia an fhéile bhliantúil a tionóladh 23 Lúnasa ina onóir. Is é a mhacasamhail Gréagach ná Héafaestas (Gréigis; φαιστος, Hēphais")., dia na tine agus na ngaibhneachtaí. I reiligiún na nÉatrúscach, samhlaítear é le Sethlans.

Bolcán (1838), ag Herman Wilhelm Bissen (1798-1868). Dealbhóireacht sa Mhúsaem Thorvaldsen, Cóbanhávan.

Baineann Bolcán leis an gcéim is ársa den reiligiún Rómhánach: taifeadann Varro, an scoláire agus scríbhneoir ársa Rómhánach, agus Annales maximi á lua aige, gur thiomnaigh an rí Titus Tatius altóirí do shraith déithe lena n-áirítear Bolcán.[3]

Sanasaíocht

cuir in eagar

Tá bunús an ainm doiléir agus ina ábhar conspóideach. D'áitigh traidisiún na Rómhánach go raibh sé bainteach le focail Laidineacha ceangailte le tintreach (fulgur, fulgere, fulmen)[4], agus dá réir sin go raibh sé bainteach le lasracha. Tacaíonn obair Walter William Skeat leis an tuiscint seo, agus tugann a fhoclóir sanasaíoch le fios go gciallaíonn sé 'loinnir' (Béarla; 'lustre')..[5]

Bhí an scrín is sine de chuid Bholcáin sa Róimh, ar a dtugtar an Vulcanal, a bhí suite ag bun Chnoc an Chaipeatóil Laidin:''Collis Capitōlīnus'', sa Forum Romanum, agus bhí sé ráite go dtéann se ar ais chuig tréimhse ársa Rithe na Róimhe, agus gur bhunaigh Titus Tatius, an comh-rí Saibíneach, é ar an suíomh, le dáta traidisiúnta san 8ú haois RC. Ba é tuairim na n-haruspices Éatrúscach gur cheart teampall Bhulcáin a bheith suite taobh amuigh den chathair, agus féadfaidh go raibh an Vulcanal suite ar dtús ar nó lasmuigh de theorainneacha na cathrach, sular leathnaíodh iad agus gur cuireadh Cnoc an Chaipeatóil san áireamh.

  1. Georges Dumézil (1996). "Archaic Roman Religion: Volume One": 320–321. Baltimore: Johns Hopkins University Press. 
  2. Corbishley, Mike "Ancient Rome" Warwick Press 1986 Toronto.
  3. Varro De Lingua Latina V, X: "...Et arae Sabinum linguam olent, quae Tati regis voto sunt Romae dedicatae: nam, ut annales dicunt, vovit Opi, Florae, Vediovi Saturnoque, Soli, Lunae, Volcano et Summano, itemque Larundae, Termino, Quirino, Vortumno, Laribus, Dianae Lucinaeque...".
  4. Varro Lingua Latina V, 10: "Ignis a gnascendo, quod huic nascitur et omne quod nascitur ignis succendit; ideo calet ut qui denascitur cum amittit ac frigescit. Ab ignis iam maiore vi ac violentia Volcanus dictus. Ab eo quod ignis propter splendor."
  5. W. W. Skeat Etymological Dictionary of the English Language New York 1963 (first published in 1882) s.v. volcano: "cf. Sanskrit varchar-s: lustre".