Bourgeoisie
Aicme shóisialta atá sainmhínithe go socheolaíochta é an bourgeoisie, atá comhionann leis an mheánaicme nó leis an mheánaicme uachtarach. Déantar idirdhealú idir iad agus an phrólatáireacht (nó an chosmhuintir) de bharr a saibhreas coibhneasta, agus a gcaipiteal cultúrtha agus airgeadais. Roinntear é uaireanta ina mion (petite), meán (moyenne), mór (grande), uachtair (haute), agus ársa (ancienne) bourgeoisie, (i dteannta a chéile tugtar “an bourgeoisie” orthu).
Bíonn an bourgeoisie, sa chiall bhunaidh, bainteach go dlúth le cathracha a bheith ann, agus aithnítear é mar sin de réir a chairteacha uirbeacha (m.sh. cairteacha bardasach, pribhléidí baile, dlí baile na Gearmáine), agus mar sin ní raibh aon bourgeoisie eile ann seachas saoránaigh na gcathracha. Tháinig tuathánaigh faoi chóras dlí eile.
San fhealsúnacht Mharxach, is é an bourgeoisie an aicme sóisialta a tháinig chun bheith ina n-úinéirí ar na modhanna táirgthe le linn an tionsclaithe chomhaimseartha chun a bhforlámhas eacnamaíoch a chinntiú sa tsochaí.[1]
Thug Joseph Schumpeter faoi deara ghnéithe nua a ionchorprú san bhourgeoisie, sé sin fiontraithe a ghlac rioscaí chun nuálaíocht a thabhairt do thionscail agus don gheilleagar trí phróisis ar a dtugtar 'díothú cruthaitheach', mar fhórsa tiomána an innill chaipitlíoch.[2]
Sanasaíocht
cuir in eagarTháinig an focal Fraincise Nua-Aimseartha bourgeois ón tSean-Fhraincis burgeis (cathair faoi bhallaí), a dhíorthaigh ó bourg (baile margaidh), ó sheanteanga na bhFranc burg (baile).