Brendan Mullin

imreoir rugbaí Éireannach

Iarimreoir rugbaí agus dlíodóir is ea Brendan Mullin (a rugadh ar an 31 Deireadh Fómhair 1963). Bhain sé cáil amach sna ochtóidí mar imreoir rugbaí ar fhoireann na hÉireann. Trícheathrúnach amuigh ab ea Mullin, a d'imir d'fhoireann rugbaí na hÉireann 55 uair idir 1984 agus 1995. D'aimsigh sé seacht n-úd déag le linn dó a bheith ag imirt d'Éirinn.[1]

Infotaula de personaBrendan Mullin
Beathaisnéis
Breith30 Deireadh Fómhair 1963
61 bliana d'aois
Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Meáchan85 kg
Airde186 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir rugbaí, grianghrafadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1983 –  1995
Spórtrugbaí aontais Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtLár na páirce
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Rugbaí Laighean
1984–1995 Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann (72) Cuir in eagar ar Wikidata
Banc na hÉireann

Gadaíocht

cuir in eagar

I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar an 5 Samhain 2024, fuarthas an t-iarimreoir idirnáisiúnta rugbaí ciontach i lear mór airgid a ghoid ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann idir 2011-2013, tráth a bhí sé ina phríomhfheidhmeanach ar an mbanc..[1] Bhí 5 chúis eile tugtha ina choinne freisin i dtaca le cuntasaíocht bhréige. Bhí Mullin ina bhainisteoir stiúrtha ar an mbanc ag an am.[2]

Gearradh trí bliana príosúin air. Dúirt an Breitheamh Martin Nolan sa chúirt inniu cé nach ndúirt Brendan Mullin riamh cén fáth a ndearna sé na cionta gur dóigh gur gannchúis airgid a bhí air a lig i gcathú é. Chuir an breitheamh san áireamh mar imthoisc mhaolaitheach, a dúirt sé, gur íoc Brendan Mulliin an t-airgead ar fad ar ais leis an mbanc.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-10-08). "Tús le triail iarimreoir rugbaí faoi €500,000 a ghoid" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-11-05). "Iar imreoir aitheanta rugbaí ciontaithe i ngoid airgid ó bhanc" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2024-11-25). "Trí bliana príosúin gearrtha ar Brendan Mullin" (as ga-IE).