Brian Mac Giolla Meidhre
Rugadh Brian Mac Giolla Meidhre (Béarla: Brian Merriman) lámh le hInis Diomáin timpeall na bliana 1750. Chum sé Cúirt an Mheán Oíche, "an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh’, a dúirt Seán Ó Tuama[1].
Brian Mac Giolla Meidhre | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Contae an Chláir, 1747 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Luimneach, Iúil 27, 1805 |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | file |

SaolCuir in Eagar
Is beag atá ar eolas faoina óige.
I dtaca na bliana 1770 chuaigh Brian ag múineadh scoile go Cill Cláirín i bparóiste na Fiacaile. Bhí scoil aige ina dhiaidh sin ar an gCurrach sa bparóiste céanna. Chaith sé isteach is amach le tríocha bliain ar fad le múinteoireacht. Ba bhocht an saol é.
Tugann Risteárd Ó Foghlú cur síos dúinn ar shaol crua an mhúinteora:
“Bhí an saol crua go leor ar mhúinteoirí scoile i dTuamhumhain le linn Bhriain agus tamall ina dhiaidh sin: ba chaol an tuarastal do bhí ag dul dóibh ó dhaltaí bochta na háite, i dtreo go mbíodh ar an máistir bannaí, dintiúirí, srl., do scríobh do dhaoine chun cur lena fháltas, agus is minic do b’éigin don bhfear bocht ramhan agus sluasad do tharraingt chuige chun réal do thuilleamh.”
SaotharCuir in Eagar
Trí chinn dá chuid dánta atá ar fáil anois, Cúirt an Mheáin Oíche, an Macalla, agus an Poitín.
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Cúirt an Mheán Oíche: an dán móide le haistriúchán don Bhéarla le Nollaig Ó Fathaigh
- Cumann Merriman (Dátheangach)
- Cúirt an Mheán Oíche, ó 1985 ar RTE {le aisteoirí ó Amharclann na Mainistreach}.