Is ainm coitianta é buaf ar fhroganna áirithe, go háirithe iad siúd san fhine Bufoniadae, a bhfuil craiceann tirim leathrach agus cosa gearra acu, chomh maith le cnapáin mhóra a chlúdaíonn a bhfaireoga parotóideacha.[1][2]

Bufo americanus

Ní dhéantar idirdhealú idir froganna agus buafa sa tacsanomaíocht eolaíoch, ach déantar i gcultúr na ndaoine go minic (“tacsanomaíocht an phobail”); creidtear go bhfuil craiceann níos tirime níos gairbhe ag buafa, agus gur mó seans go bhfaightear iad ar an talamh seachas san uisce.[3]

Sa tacsanomaíocht eolaíoch, cuimsíonn na buafa an fhine Bufonidae (na “fíorbhuafa”) chomh maith le speicis éagsúla i roinnt finte eile:[4]

  • Bombinatoridae
  • Calyptocephalellidae (an bhuaf uisce clogaid, mar shampla)
  • Discoglossidae (an bhuaf chnáimhsí)
  • Myobatrachidae
  • Pelobatidae (buaf spádchosach na hEorpa)
  • Rhinophrynidae (buafa uachasacha)
  • Scaphiopodidae (buaf spádchosach Mheiriceá)
  • Microhylidae

Tagairtí cuir in eagar

  1. toad”. The American Heritage Dictionary of the English Language. Houghton Mifflin Harcourt. Dáta rochtana: 6 Deireadh Fómhair 2016.
  2. "toad | amphibian" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2017-05-23.
  3. Toad”. Dictionary.com, LLC. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2012.
  4. Anura, Taxonomic Serial No.: 173423”. ITIS Report. Integrated Taxonomic Information System. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2012.