Buaf
(Athsheolta ó Buafa)
Is ainm coitianta é buaf ar fhroganna áirithe, go háirithe iad siúd san fhine Bufoniadae, a bhfuil craiceann tirim leathrach agus cosa gearra acu, chomh maith le cnapáin mhóra a chlúdaíonn a bhfaireoga parotóideacha.[1][2]
Ní dhéantar idirdhealú idir froganna agus buafa sa tacsanomaíocht eolaíoch, ach déantar i gcultúr na ndaoine go minic (“tacsanomaíocht an phobail”); creidtear go bhfuil craiceann níos tirime níos gairbhe ag buafa, agus gur mó seans go bhfaightear iad ar an talamh seachas san uisce.[3]
Sa tacsanomaíocht eolaíoch, cuimsíonn na buafa an fhine Bufonidae (na “fíorbhuafa”) chomh maith le speicis éagsúla i roinnt finte eile:[4]
- Bombinatoridae
- Calyptocephalellidae (an bhuaf uisce clogaid, mar shampla)
- Discoglossidae (an bhuaf chnáimhsí)
- Myobatrachidae
- Pelobatidae (buaf spádchosach na hEorpa)
- Rhinophrynidae (buafa uachasacha)
- Scaphiopodidae (buaf spádchosach Mheiriceá)
- Microhylidae
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “toad”. The American Heritage Dictionary of the English Language. Houghton Mifflin Harcourt. Dáta rochtana: 6 Deireadh Fómhair 2016.
- ↑ "toad | amphibian" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2017-05-23.
- ↑ “Toad”. Dictionary.com, LLC. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2012.
- ↑ “Anura, Taxonomic Serial No.: 173423”. ITIS Report. Integrated Taxonomic Information System. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2012.