Is teach tábhairne i mBaile Átha Cliath a bhí in Buck Whaley’s a bhíodh suite ar Shráid na Teamhrach (The Stone Leaf atá ann anois). Cearrbhach gan náire a toghadh go Teach na dTeachtaí in Éirinn a bhí in Thomas Whaley. ‘Buck Whaley’ nó ‘Jerusalem Whaley’ a thugtaí air leis. Sa bhliain 1788 rinne sé geall go bhféadfadh sé taisteal go hIarúsailéim agus ar ais taobh istigh de dhá bhliain. Shíl daoine go mbeadh sé ródhainséarach ar fad. Chaith sé £8,000 ar an turas ach thuill sé brabús de £7,000 nuair a d’fhill sé in am. Rinne an ceoltóir Rossa Ó Snodaigh ó Kíla an turas seo a leanúint ar an gclár Bóthar Buck do TG4.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Buck Whaley’s
Sonraí
CineálTeach tábhairne
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′02″N 6°15′16″W / 53.33381°N 6.254328°W / 53.33381; -6.254328