Bus (ríomhaireacht)
Is cainéal cumarsáide sonraí in ailtireacht ríomhaireachta, é bus. Aistrítear sonraí idir chomhpháirteanna ríomhaireachta thar an mbus. Bíonn dhá chineál bus in úsáid don chuid is mó i ríomhairí:
- Busanna Inmheánacha – Ceanglaíonn siad seo na comhpháirteanna ar fad atá suite ar an máthairchlár.
- Busanna Seachtracha – Ceanglaíonn siad seo forimeallaigh leis an máthairchlár
Samplaí de bhusanna inmheánacha
cuir in eagar- An Bus Córais - leis an RAM a cheangal leis an bpróiseálaí
- An Bus PCI (Peripheral Component Interface) - le cártaí forlíontacha a cheangal le máthairchlár ríomhaire pearsanta
- AGP (Advanced Graphics Port) – do chártaí grafaicí
- PCIe (PCI Express) - ag teacht i gcomharbacht ar PCI agus AGP
Samplaí de bhusanna seachtracha
cuir in eagar- An Bus ATA/IDE (Advanced Technology Attachment)
- SATA (Serial ATA) (atá tagtha i gcomharbacht ar an mBus ATA/IDE)
- USB (Universal Serial Bus) – le forimeallaigh a cheangal leis an ríomhaire
- Firewire – úsáidte go príomha le haghaidh físe agus fuaime digiteach d’ardchaighdeán
- PCMCIA – i gcomhair ríomhairí glúine
- ExpressCard – ag teacht i gcomharbacht ar PCMCIA