Cáit Nic Innéirí

gníomhaí Gaeilge san Astráil

Bhí Cáit Nic Innéirí (Kate Kiniry, Kate O’Sullivan) (fl. 1915) ina gníomhaí Gaeilge, polaitíochta agus pobail in Victoria na hAstráile i ndeireadh an 19ú haois agus sa chéad chuid den 20ú haois.

Infotaula de personaCáit Nic Innéirí
Beathaisnéis
Floruit1915

Rugadh í in Collingwood, fo-bhaile de Melbourne, do Mary Mullins, cailín aimsire, agus do Patrick Kiniry, oibrí agus carraeir ó Chontae Luimnigh. Bhí sí ar an duine ba shine de sheisear clainne.

Bhí sí ina gníomhaí sa Young Ireland Society, cumann a bhí dílis d’aisling na hÉireann athGhaelaithe. Bhíodh ranganna Gaeilge agus rince ar bun aici, in éineacht le cór agus banna ceoil. Rinne sí neart oibre i gConradh na Gaeilge.

Chuir sí a lámh le hachainí na bliana 1891 ar son ceart vótála do mhná.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil