Córas céadfach
Is cuid den néarchóras é an Córas céadfach a bhíonn freagrach as faisnéis chéadfach a phróiseáil. Is trí mheán na mball céadfach seo a fhaigheann lárchóras na néaróg faisnéis faoin timpeallacht inmheánach agus sheachtrach. Sna baill chéadfacha bíonn a lán gabhdóirí céadfacha cruinnithe le chéile iontu. Is é a bhíonn ann i gcóras céadfach ná; glacadóirí céadfacha, líonraí néaracha, agus páirteanna na hinchinne bainteach le haireachtáil chéadfach. De ghnáth, aithnítear na céadfaí seo a leanas; radharc, éisteacht, tadhall, blaiseadh agus boladh.
Cuid de | néarchóras |
---|---|
Aitheantóirí | |
TA | A15.0.00.000 |
FMA | 75259 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Téarmaíocht anatamaíoch |

Is é an réimse gabhálach an chuid den timpeallachta ar leith a fhreagraíonn na gabhdóirí nó na horgáin céadfacha dó; an solas a bhfeiceann na slata agus na cóingach go léir.

Go nuige seo, sonraíodh réimsí gabhálacha don chóras radhairc, córas éisteachta agus an córas sómachchéadfach, blaiseadh agus boladh
SpreagadhCuir in Eagar
Códaíonn an córas céadfach ceithre ghré spreagthachta; 'tíopa' (módúlacht), 'déine', 'suíomh' agus 'fad ama'. Úsáidtear 'am sroichte' na bíge fuaime agus pasdifríochtaí na fuaime leanúnaí i gcomhair foinse fuaime a aimsiú. Bíonn íogair ar gabhdóirí áirithe le haghaidh cineálacha áirithe spreagthaí ( mar shampla, freagraíonn meicneaghabhdóirí difriúla níos fearr do spreagthaí tadhaill éagsúla, ó uirlisí géara nó maola). Seolann gabhdóirí ríoga i bpatrúin faoi leith, a thugann le fios cé chomh mór is atá an spreagadh ( mar shampla, cé chomh hard is atá fuaim). Tugann suíomh an ghabhdóra a bhfaigheann an spreagthach eolas don intinn faoi suíomh an spreagtha ( mar shampla, seoltar eolas chuig na hintinne faoin mhéar nuair a fhaigheann mheicneaghabhdóir sa mhéar spreagadh). Tugann patrún gníomhaithe na néar-ríge le fios fad ama an spreagtha.
ModúlachtCuir in Eagar
Sort feiniméin fhisiceach is ea modúlacht chéadfach, a bhíonn inairithe ( mar shampla, teocht, blais, fuaim, brú). Tá ról lárnach ag an chineál ghlacadóra a bhíonn spreagtha i gcódú na modúlachta céadfaí.
Sa chreat tuairchuimhne (nó i mBéarla, the memory-prediction framework), tugann Jeff Hawkins le fios go bhfuil comhfhreagairt idir sé chiseal na coirtéise ceirbrí agus sé chiseal na conaire optaice den chóras radhairc. Tá na réigiúin seo, V1, V2, V3, V4, V5, MT, IT, srl sa phríomh-choirtéis amhairc. Is éard a bíonn i gceist i réigiún V1 ( féach ar aghaidh) ná aicme amháin de chealla na hintinne, cé go bhfuil a lán ceall eile agus feidhm na radharc acu .
Leagann Hawkins scéim amach i gcomhair na modúlachta céanna den chóras céadfach. Tóg faoi deara, gur féidir a lán cineálacha chéadfaí a bheith ann, cuid nach bhfuil luaite anseo. Ach go háirithe, sa duine, beidh cealla sna réigiúin V1, V2 A1, A2, srl.:
V1 (Radharc)Cuir in Eagar
Achar radhairc 1, nó V1, in úsáid i gcomhair na radhairc, via an córas amhairc go dtí an phríomh-choirtéis amhairc.
A1 (Éistitheach - cloisteáil)Cuir in Eagar
Achar éisteachta 1, nó A1, in úsáid i gcomhair éisteachta, via an córas éisteachta, go dtí an phríomh-choirtéis éisteachta]].
S1 (Sómachchéadfach - tadhall)Cuir in Eagar
G1 (Blaiseadh)Cuir in Eagar
Achar blaiste 1, nó G1, in úsáid i gcomhair blaiste.
O1 (Boltanach )Cuir in Eagar
Achar boltanach 1, nó O1, in úsáid i gcomhair bolaidh.
Baill Chéadfacha an DuineCuir in Eagar
Cuimsíonn córas céadfach an duine na fochórais a leanas;
- An córas radhairc, atá comhdhéanta de na fótaghabhdóirí, néaróg optach agus V1.
- An córas éisteachta
- An córas sómachchéadfach, atá comhdhéanta de na gabhdóirí, tarchuradóirí (conairí) ag transmitters (pathways) ag dul i dtreo S1, agus S1 a mhothaíonn na céadfaí lipéadaithe mar tadhall nó brú, teocht (te nó fuar), pian (including tochas (agus dinglis san áireamh), agus mothúcháin ghluaiseachta na matán agus suíomh na n-alt, staidiúir an choirp san áireamh, gluaiseacht, agus gotha gnúise ( glaoite i dteannta a chéile féinaireachtáil.
- An córas blaiste
- An córas boltanach
Seo a leanas glacadóirí céadfacha an duine:
TagairtíCuir in Eagar
- Kolb & Whishaw: Fundamentals of Human Neuropsychology (2003)