Cúcabarra breac
speiceas éan
Is cruidín crainn gorm agus bán é an cúcabarra breac (Dacelo tyro) ar a bhaistear an cruidín ollmhór Arúach fosta. Is speiceas cúcabarra gan iomrá é a fhaightear sna hOileáin Arúacha agus sabhána agus talamh féaraigh Tras-Flaidh na Nua-Ghuine Theas. Níl mórán ar eolas faoi shaol teaghlaigh agus bitheolaíocht phóraithe an éin seo
Dacelo tyro | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 136 g 156 g |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22683196 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Coraciiformes |
Fine | Alcedinidae |
Géineas | Dacelo |
Speiceas | Dacelo tyro G. R. Gray, 1858 |
Cineál tacsanomaíoch | Dacelo |
Tacsanomaíocht
cuir in eagarAithnítear dhá fhospeiceas den éan seo: [1]
- D. t. tyro - na hOileáin Arúacha, an Indinéis
- D. t. archboldi - An Nua-Ghuine
Cur síos
cuir in eagarFásann an cúcabarra breac suas go 33 cm (13 or) i bhfad; is minic na baineannaigh a bheith beagáinín níos mó ná na fireannaigh. [2] Tá sciatháin agus eireaball gealghorm, ucht agus bolg bán, súile dorcha agus ceann dubh bánbhallach air. Tá an gob uachtair dúliath agus tá an gob íochtair bán. Tá cuma na bhfireannach agus na mbaineannach an-chosúil le chéile. [1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Roy John (1993). "Kingfishers, Bee-eaters, and Rollers, by Hilary Fry, Kathie Fry, and Alan Harris [Review]". The Canadian field-naturalist 107 (3): 384–385. doi: . ISSN 0008-3550.
- ↑ “Spangled Kookaburra (Dacelo tyro)” (en). Handbook of the Birds of the World Alive. Dáta rochtana: 2019-01-31.