Is cluiche cártaí do bheirt imreoirí nó níos mó é Cúig Fichead.

Bosca Sonraí CluicheCúig Fichead
Sampla decluiche cártaí

Bunrudaí cuir in eagar

 
Cártaí Imeartha - na RíChártaí.
  • Dhá chárta is caoga, níl ról ag fear na gcrúb
  • Na cultacha: Hart (), Muileata (), Triuf (), Spéireata ()
  • Na ríchártaí: An Rí, An Bhanríon, An Cuireata (nó An Cuileata)

Ord na gCártaí cuir in eagar

Socraíonn ord na gcártaí an bhfuil cárta amháin níos fearr ná cárta eile. I ngach roinnt, sin le rá gach lámh cártaí, tá culaith áirithe glactha mar chulaith an mháimh. Braitheann luach cárta ar a chulaith agus an bhfuil sé ina mhámh nó ina dhrámh.

 
Spéireata an mámh.

Culaith an Mháimh

Hart 5 C A R B 10 9 8 7 6 4 3 2
Muileata 5 C A A R B 10 9 8 7 6 4 3 2
Triuf 5 C A A R B 2 3 4 6 7 8 9 10
Spéireata 5 C A A R B 2 3 4 6 7 8 9 10
 
Spéireata ina dhrámh.

Culaith an Dráimh

Hart R B C 10 9 8 7 6 5 4 3 2
Muileata R B C 10 9 8 7 6 5 4 3 2 A
Triuf R B C A 2 3 4 5 6 7 8 9 10
Spéireata R B C A 2 3 4 5 6 7 8 9 10

Mar sin

  • I gculaith mháimh, is é cúig an mháimh an cárta is fearr i gcónaí, agus ina dhiaidh sin, an cuireata agus an t-aon hart.
  • Ós rud é go bhfuil an cuireata an dara mámh is fearr, is féidir 'an mámh tánaiste'[1] a thabhairt air.
 
  • Tá an t-aon hart ina mhámh i gcónaí.
  • Tabhair faoi deara go bhfuil aon an mháimh chun tosaigh ar an Rí, an Bhanríon, agus na cártaí uimhrithe.
  • I gculaith dráimh, is é an Rí an cárta is fearr, agus an Bhanríon, an Cuireata agus na cártaí uimhrithe ina dhiaidh.
  • Freisin, i gculaith dráimh, tabhair faoi deara go bhfuil an t-aon ar aon líne leis na cártaí uimhrithe, in aice le huimhir a dó.
  • Mar gheall ar na cártaí uimhrithe, tá na huimreacha arda níos fearr sna cultacha dearga agus a mhalairt sna cultacha dubha; an chuid is mó den dearg[1], an chuid is lú den dubh.
  • Sna cultacha dráimh, is iad na cártaí is measa ná an t-aon muileata, an deich triuf, agus an deich spéireata.

An Roinnt cuir in eagar

Suaitheann an déantóir[1] (an fear nó an bhean ranna) na cártaí agus cuireann sé an paca chuig an t-imreoir ar a láimh dheis, ag tabhairt an seans dó an paca a ghearradh más mian leis. Ansin, roinneann an déantóir na cártaí, ó chlé go deis, trí chárta do gach imreoir ar dtús, agus ansin dhá chárta (nó dhá agus ansin trí), chun go mbeidh lámh cúig chárta ag gach imreoir. Cuireann sé an paca atá fágtha, ar an mbord, béal faoi, agus iompaíonn sé an cárta mullaigh. Is í culaith an chárta seo culaith an mháimh don lámh seo.

Téann ord an déantóra ó chlé go deis - an t-imreoir ar chlé an déantóra, beidh seisean ina dhéantóir don chead lámh eile.

An Robáil cuir in eagar

Más aon an cárta mullaigh, tógann an déantóir féin é. Murach sin, má tá aon an mháimh ag imreoir, tógann seisean é roimh am a chéad imirt. Nuair a thógann duine an cárta mullaigh, tá air 'díol as' - tá air cárta eile a chaitheamh uaidh - cuirtear ar an mbord é, béal faoi in aice leis an bpaca. Tá an t-imreoir seo ‘ag robáil’.

Níl dualgas ar an té atá aon an mháimh aige an cárta mullaigh a robáil, ach tá air an deis a thapú roimh a chéad imirt.

An Imirt cuir in eagar

Imrítear na cártaí ó chlé go deis. Is é an t-imreoir ar chlé an déantóra a chuireann tús leis an chéad imirt timpeall - deirtear go bhfuil an tabhairt[1][2] aige. Tar éis cárta amháin a bheith imeartha ag gach imreoir, tá an imirt sin thart agus tá an imirt buaite ag an gcárta is fearr. Faigheann an buaiteoir cúig phointe. Tugann an buaiteoir an chéad imirt eile timpeall agus buann duine éigin an imirt sin and leantar mar sin. Tugtar cúig[1] (nó cleas) mar ainm ar gach imirt timpeall.

Tar éis cúig imirt, tá an lámh thart. Má tá cúig fichead faighte ag éinne - má bhuaigh duine éigin gach cúig, is eisean buaiteoir an chluiche. Ach, i bhfad níos minice, bíonn gá le lámh nó lámha eile, sula fhaigheann éinne cúig fichead san iomlán. Ag an bpointe sin, tá an cluiche thart.

An Dath A Imirt cuir in eagar

Tá dath (i.e. culaith) faoi leith ag baint le gach imirt timpeall agus is í an tabhairt, an chéad cárta leagtha, a shocraíonn é sin. Tá ort cárta éigin a imirt in aghaidh an tabhairt seo.

Nuair is drámh í an tabhairt, agus an dath seo agat, tá ort an dath a imirt[1][2] nó mámh a imirt. Mura bhfuil an dath agat, is féidir leat mámh a imirt nó cárta éigin eile. Tá an rogha agat mámh a imirt, bíodh an dath agat nó ná bíodh. Beidh an bua ag an gcárta datha is fearr nó ag an gcárta máimh is fearr. Buaileann an cárta máimh an cárta dráimh i gcónaí.

Nuair is mámh í an tabhairt, tá ort mámh a imirt, má tá mámh agat agus mura bhfuil tú dá cheilt. Tá cead na trí mhámh is fearr a cheilt, i.e. an cúig, an cuireata agus an t-aon hart, ach amháin sa chás go bhfuil an tabhairt níos fearr. Mar shampla, más deich an mháimh an tabhairt, is féidir leat do chuireata a cheilt ach más cúig an mháimh an tabhairt, tá ort do chuireata a imirt mura bhfuil mámh eile agat. Deir an seanfhocal ‘cuireata gan gharda, is ard a screadann sé’[3].

Mar gheall ar imirt an datha, bíonn an t-aon hart ag feidhmiú mar mhámh, ní mar hart.

 
Lámh Cártaí

An dath a imirt, agus an lámh seo agat: 4, C, C 6 4 cuir in eagar

An Mámh An Tabhairt Do Rogha Cárta Idir
Hart 10 4
Spéireata 10 4
Muileata 10 4, C
Triuf 10 4, C 6 4
Spéireata 7 cárta ar bith
Muileata 10 cárta ar bith, mar is féidir an Cuireata a cheilt
Muileata 5 C (ag screadadh)
Triuf B C 6 4
Triuf 7 cárta ar bith
Triuf A C 6 4

Éagsúlacht Téarmaíochta[1][2] cuir in eagar

  • ag roinnt nó ag déanamh nó ag díol na gcártaí
  • an déantóir nó an fear ranna nó an bhean ranna nó an díoltóir
  • an cárta mullaigh nó an cárta cinn
  • cúig an mháimh nó an cíoná nó na cúig méara
  • na cártaí a ghearradh nó a bhearradh nó a scamhadh nó a bhriseadh
  • an chulaith nó an dath

Caint Chúig Fichead cuir in eagar

  • cuireata gan gharda is ard a screadann sé[3]
  • beir an chéad chúig agus tabhair an cíoná[3]
  • is mairg a thabharfadh an cuireata is an cíoná ar cheann[3]
  • ná lig cúig a lámhdhéanta leis (ná lig don díoltóir an chéad chúig a fháil)[3]
  • lámh máite, an seacht máite (máite: iolra 'mámh', dráite: iolra 'drámh')[1]
  • cuireata caoch (cuireata dráimh)[1]
  • cuireata agus cosaint (cuireata máimh agus cárta máimh eile mar gharda)[1]
  • cuireata lom nó cuireata ar lom (cuireata máimh gan gharda)[1]

Seanfhocail cuir in eagar

  • súil le breith a chailleann an cearrbhach[3]
  • mura ndéana sé lá prátaí a bhaint, déanfaidh sé lá cártaí a imirt[3]
  • súil le cúiteamh a chailleas an cearrbhach[1]
  • ní fiú an t-aon triuf é[1]
  • ní fiú deich triuf é[1]

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 1.11 1.12 1.13 "Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977)".
  2. 2.0 2.1 2.2 "English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959)".
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 Ó Cadhlaigh, Cormac (2013). "Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil": 140-144. Evertype.