Infotaula de personaC. J. Ó Maolmhuaidh
Beathaisnéis
Breith1989
34/35 bliana d'aois
Hawthorne, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Is lúthchleasaí Meiriceánach é C. J. Ó Maolmhuaidh (Béarla: C.J. Molloy) (rugadh 1989). D'imir sé do Nua Eabhrac i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann.

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Ó Maolmhuaidh i 1989. Mac le Connie Ó Maolmhuaidh, bainisteoir agus iarimreoir le foireann Nua Eabhrac, é [1][2] agus is as Hawthorne, atá timpeall tríocha míle lastuaidh de Manhattan, ó dhúchas é. Is nia le hAntóin Ó Maolmhuaidh, an captaen a bhain Craobh na hÉireann i 1992, é.[3] Chaith sé samhraí i nDún na nGall, i nGaillimh agus i dTrá Lí nuair a bhí sé óg.[4]

Fuair Molloy scoláireacht cispheile ó Union College atá suite trí uair go leith ó Chathair Nua-Eabhrac. Mar sin féin, d'fhill sé ar an Bronx trí huaire sa tseachtain le freastail ar thraenáil peile. Ar deireadh thiar d'éirigh sé as an chispheil i ndiaidh cúpla mí le díriú ar an pheil.[5]

Rinne sé staidéar ag Union College idir 2007 agus 2011, agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in Eolaíocht Pholaitiúil agus Rialtas. Rinne sé Máistreacht RiaracháIn Gnó i mBainistíocht in Ollscoil Iona idir 2012 agus 2014.[6]

Gairm Imeartha cuir in eagar

D’imir Ó Maolmhuaidh d’fhoirne Nua-Eabhrac i gcomórtais Fhéile uile-Éireann faoi-14 i 2002 i gCeatharlach agus i 2003 i nGaillimh.[4]

D'imir Ó Maolmhuaidh a chéad chluiche sinsearach le Nua-Eabhrac i 2008 i gcluiche in éadan Liatroma.[5][2][7] Cuireadh as é in 2013 nuair a d’fhág Nua-Eabhrac an Chraobh i ndiaidh dóibh cailleadh in éadan Liatroma, a bhí ag pilleadh ar an Bronx don chéad uair ó chéad chluiche Uí Mhaolmhuaidh.[8]

D’imir sé i gcluiche All Stars 2012 agus scóráil sé cúl.[5] Bhuail sé le bainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness, ansin agus thug McGuinness cuireadh go Dún na nGall d'Ó Maolmhuaidh.[9]

D’eitil Ó Maolmhuaidh go Dún na nGall. Bhí sé rannpháirteach le foireann chontae Dhún na nGall ó tháinig sé i lár mhí Feabhra 2014 ach scar sé uathu in 2015 agus é ag streachailt le gortuithe.

Nuair a bhog Ó Maolmhuaidh go hÉirinn, chuaigh sé ag imirt do chlub a uncail, Ard an Rátha.[10] Níor imir sé dóibh go dtí roimhe sin.[4] Bhí sé ina chaptaen club.[11]

In 2016, bhí páirt Ó Maolmhuaidh i bhfíseán Peil Ghaelach sráide— Peil Star 2 — le himreoirí Átha Cliath Shane Ó Carthaigh agus Diarmuid Ó Conghaile. San fhíseán, ciceann Connolly peil trasna na Life i mBaile Átha Cliath.[1]

Scóráil sé iomaitheoir do chúl an tséasúir i gcoinne Seaimpíní Sinsear Peile Dhún na nGall, Gleann tSúilí, in 2017, cé gur chaill a fhoireann an cluiche.[12] Go díreach ó chaitheamh isteach an dara leithe, d'imigh sé ar ruathar aonair trí chosaint Ghleann tSúilí agus chiceáil sé an liathróid isteach sa líon ó fhad timpeall 25 slat.[13]

Bhí sé ag obair le McCann Fitzgerald idir Aibreán 2016 agus Feabhra 2018 nuair a bhog sé go Sanne Group.[6] Chaith sé an tréimhse idir Meán Fómhair 2015 agus Márta 2016 le Maples and Calder i mBaile Átha Cliath, agus d'oibrigh sé le Wilson Esler roimhe sin idir 2011 agus 2013.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "New York GAA star shows his mad Gaelic football streets skills in Dublin: CJ Molloy joined by Dublin GAA players for short-film and full kick across the River Liffey" (24 September 2016). Dáta rochtana: 24 September 2016. “Known as 'Big Ceej', Molloy has represented New York at all levels in Gaelic football… his father, Connie was a New York GAA player and manager.” Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "ic_24092016" defined multiple times with different content
  2. 2.0 2.1 McMahon (3 May 2013). "Leitrim poised for winning start Stateside". RTÉ Sport. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 July 2013. Dáta rochtana: 3 May 2013. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "rte_03052013" defined multiple times with different content
  3. "Molloy looks to second generation to shock Sligo". Hogan Stand (2 May 2012). Dáta rochtana: 2 May 2012.
  4. 4.0 4.1 4.2 "An American dream: Ardara's CJ Molloy aims to make a big impact". Donegal News (17 October 2014). Dáta rochtana: 17 October 2014. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "dn_17102014" defined multiple times with different content
  5. 5.0 5.1 5.2 "A day in the life: New York's CJ Molloy". Hogan Stand (2 May 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-12-18. Dáta rochtana: 2 May 2013. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "hs_02052013" defined multiple times with different content
  6. 6.0 6.1 6.2 CJ Molloy”. LinkedIn. Dáta rochtana: 7 September 2019. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "linkedin" defined multiple times with different content
  7. "Blue Blood CJ Molloy in a New York State of Mind" (3 May 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 May 2013. Dáta rochtana: 3 May 2013.
  8. "New York 0–07 Leitrim 4–19". RTÉ Sport (5 May 2013). Dáta rochtana: 5 May 2013. “New York's woes were compounded late on when CJ Molloy was dismissed for a second yellow card.”
  9. Donoghue (2 May 2019). "GAA Statistics: New York not doing enough to promote their own". The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-14.
  10. "McGrath returns as Ardara win". Donegal Democrat (21 April 2014). Dáta rochtana: 21 April 2014. “Ardara had moved into a 1–10 to 1–4 lead before C J Molloy and Thomas Boyle found the Termon net twice in a matter of minutes to stretch their team's lead out to 12 points with 20 minutes still on the clock.”
  11. "Ardara net first home win of the season against Termon". www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2019-12-14.
  12. Culhane (8 May 2017). "Former New York player scores wonder goal in Donegal championship". JOE.ie. Dáta rochtana: 5 April 2021.
  13. "CJ Molloy scores a cracking goal in Donegal SFC". Hogan Stand (8 May 2017). Dáta rochtana: 8 May 2017.

Naisc sheachtracha cuir in eagar