Gaoth Dobhair
Béarla: Gweedore
Bunaithe: 1931
Contae: Dún na nGall
Roinn: Thiar
Peil: Idirmheánach
Iomáint: -
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Machaire Gathlán
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Eolas Ginearálta cuir in eagar

Tá C.L.G. Gaoth Dobhair suite i nGaeltacht Ghaoth Dobhair in iarthuaisceart Thír Chonaill in aice an Aigéan Atlantach agus an Earagail ina seasamh ar a chúl go hard. Tá siad ar cheann déna clubanna is láidre i gContae Dhún na nGall. Is i bparóiste Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill atá Cumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair lonnaithe. Imrítear na cluichí baile i Machaire Gathlán.[1] Imríodh iománaíocht agus camógaíocht i nGaoth Dobhair san am a chuaigh thart ach is í an pheil an príomhspórt.

 
Clubtheach CLG Ghaoth Dobhair suite i Machaire Gathlán.

Bunaíodh é ar dtús i dteach Maighréad Frank sa bhliain 1931[2] ach bhí peil Gaelach a imirt sa ceantar ó tús an chéid ann. Tá an club suite i Machaire Gathlán agus is iad an chlub is rathúla sa Chontae i Craobh sinsir Dhún na nGall agus i gComórtas Peile na Gaeltachta.

Tá an cumann suite i gcroí lár na Gaeltachta agus déanann an club a seacht ndícheall achan rud a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bíonn an traenáil fríd Gaeilge, Labhraíonn na imreoirí Gaeilge ar na páirceanna, Bíonn ná imeachtaí agus na ócáidí uilig sa chlub déanta trí mheán na Gaeilge. Tá cultúr láidir i nGaoth Dobhair agus tá an cumann agus an peil mar páirt lárnach de.

Stair cuir in eagar

An chéad cuntas do pheil Gaelach a imirt i nGaoth Dobhair na ar ais sa bhliain 1918. Roimhe 1920 ní raibh club Oifigiúil ar bith ann, ach bhí dhá fhoireann in sa pharóiste. Bunaíodh an cumann i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1931 i dtí Mhairéad Frank i nDoirí Beaga. Foireann amháin le himreoirí ón taobh thoir de shéipéal Dhoirí Beaga agus ceann amháin le himreoirí ón taobh thiar - Gaoth Dobhair agus Derrybeg Emmett. [1] Curtha i gcartlann 2016-12-20 ar an Wayback Machine

Bunaíodh C.L.G Gaoth Dobhair bunaithe i 1931. Tá an gnás ag foirne Ghaoth Dobhair a bheith fisiciúil, agus aithne orthu don stíl peile a n-imríonn siad. Cosúil le gach foireann tá a gcuid iomaitheora acu. Deirtear gur iad an Clochán Liath agus Litir Ceannan na gcuid iomaitheora is mó. Bíonn cluiche crua i gcónaí acu in éadan iad seo.

Ghlac an cumann nua páirt in achan chomórtas condae ón bhliain 1931 ar aghaidh, sinsir agus faoi aois, agus tá achan chomórtas acu sin bainte ag a fhoirne. Bhí an cumann lárnach i mbunú Chomórtas Peil na Gaeltachta sa bhliain 1969. Fríd na blianta tháinig go leor imreoirí contae amach as Gaoth Dobhair agus phioc cuid acu suas gradaim an 'All Star'. Phioc Kevin Cassidy[3] suas é i 2002 agus arís i 2011 chomh maith le Neil McGee[4] a phioc suas é i 2011, 2012 agus i 2014 nuair a shroich Dhún na nGall cluiche ceannais na hÉireann. Tá go leor imreoirí faoi aois a bhfuil ar foireann an contae chomh maith. Tháinig feabhas mór ar chur chun cinn faoi aois sa chlub le cúpla bliain anuas in sna foirne faoi 14, faoi 15, faoi 16, agus faoi 21, thosaigh na foirne ag baint cluiche agus fiú craobh na contae in sna haoise grúpaí tar éis tamaill fada gan rud ar bith a bheith buaite. Bhain an fhoireann faoi 21 craobh Uladh ar an 18ú lá de mhí Feabhra le Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpuig agus Séan Ó Duibhir mar foireann banasitíocht orthu. Seo an chead uair a bhain an club rud ar bith i gcraobh Uladh. Éirionn go maith leis an chlub gach bliain i comórtas peile na Gaeltachta. Bhí comórtás peile na Gaeltachta an chontae agus na hÉireann i nGaoth Dobhar don chéad uair le blianta fada i 2012. Roimhe sin bhí an Comórtas sa cheantar i 1994, 1983,1982, 1975, 1970 agus 1969) Tá Comórtas peile ná Contae buaite ag Gaoth Dobhair 14 am, agus Comórtas peile na hÉireann buaite ag an chlub 9 huaire. Is é foireann Gaoth Dobhar an chéad foireann a bhain an Comórtas agus is iad is mó a bhain an comórtas thar na mblianta.

Bhí foirne faoi aois girseachaí i gcónaí ag an chlub, ach nuair a bhí Comórtais Peile na Gaeltacht sa chlub cuireadh foireann sinsir girseachaí le chéile. Bhuaigh foireann sinsir girseachaí Ghaoth Dobhar comórtas peile na Gaeltachta an Chontae agus na hÉireann i 2012 chomh maith. Tá ag eirí go maith le foirne na girseachaí faoi aois. Bhain na girseachaí mionúir craobh an chontae i 2017 agus buaigh cailíní faoi 16 craobh an chontae i 2016 agus 2017. Tá go leor de na girseachaí faoi aois ag imirt le foireann an contae chomh maith lena gasuraí.

Tosaíonn foirne an chlub o faoi 6, suas go faoi 21, agus ansin Sinsir agus Sóisir dona gasuraí. Bíonn na gasuraí agus na girseachaí meascaithe do fhoirne faoi 6 go faoi 10. De ghnáth bíonn scaifte mór sna aois ghrúpa seo agus déanann siad foirne A,B&C díofa. Tar éis faoi 10, bíonn a cuid foirne féin ag na gasuraí agus na girseachaí. Ní amháin Peil Ghaelach a bhíonn ag dul ar aghaidh sa chlub, ach lé cúpla bliain anois thosaigh foirne iománaíocht faoi aois agus tá ag eirí o maith leo.

Áiseanna cuir in eagar

Sular thosaigh Comórtas Peile na Gaeltachta i 2012, rinneadh go leor forbairt taobh istigh agus taobh amuigh den chlub. Rinneadh an sean pháirc a choiriú ionnas go mbeadh na foirne ábalta an dá pháirc a úsáid. Rinneadh an tsean páirc choiriú agus a leathnú le páirc úr a dhéanamh dé. Cuireadh dhá seomra feisteas eile leis an chlubtheach, sin ceithre sheomra feisteas ar an iomlán. Rinneadh go leor píosaí eile a choiriú taobh istigh chomh maith. Faoi láthair tá siad ag iarraidh an dara páirc a leathnú. Cuireadh giomnáisiam isteach in sa halla liathroid lámha agus baineann go leor baill as an chlub úsáid as seo o shin. Tá halla spóirt mór ann agus baintear úsáid as do na circuts agus go minic baineann na foirne faoi aois úsáid as má tá an aimsir olc taobh amuigh. Tá béar agus balcóin sa chlub. Baintear úsáid as seo fa choinne ócáidí speisialta agus do na dioscónna fríd na blianta. Chuir Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghaill lainseáil oifigiúil le plean stratís cúig bliana atá ag an chumann i 2016[5]. Le linn a thuras rinne sé oscailt oifigiúil dé béar nua an clubtheach.

Imeachtaí Eile cuir in eagar

Bíonn go leor rudaí éagsúla ag dul ar aghaidh taobh istigh den chlub agus baintear úsáid as ar go leor dóigheanna eile agus ní amháin don peil. Le cúpla bliain anois tháinig scaifte le chéile agus thosaigh siad ag tabhairt daoine le chéile le thaispeántaí a chur i láthair. Bíonn taispeáintí ceol agus damhsa ann. Téann go leor obair isteach agus bíonn na thaispeántaí ar siúil ar feadh cúpla oíche. Cruinníonn siad airgead don chlub agus do na carthanachtaí áitiúla.

Chomh maith le sin glacann an club páirt i Scór Sinsear agus Scór na nÓg. Éirionn go maith le na foirne Scór. I mbliana fuair grúpa Scór sinsir an chlub fríd go babhta leath cheannais Uladh.

Fríd an seachtain bíonn ranganna ‘Circuts’ ar siúil do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Bíonn seo ar siúl i rith na bliana gach oíche Luan agus Céadaoin.

Gach oíche Déardaoin bíonn Biongó ar siúl thuas staighre. Tagann go leor daoine amach le sult a bhaint as an oíche.

I rith an tsamhraidh agus oícheanta ag an Nollag agus le linn tréimhse an Cásca bíonn dioscónna thar 18 ar siúil thuas staighre sa bheár. Tógann seo isteach na céadta daoine gach tseachtain. Tagann siad ó gach coirnéal den contae le dul chuig an disco.

Ar feadh tamaill bhí ranganna damhsa ag dul ar aghaidh.

Gach bliain bíonn an club ábalta an dinnéar chinn bliana a bheith acu in sa chlubtheach mar go bhfuil na háiseanna agus an spás acu.

Bíonn lá teaghlaigh ag an chlub gach bliain. Bíonn rásaí agus comórtais difriúla ar siúil do phaistí le giota craic a bheith acu. Bíonn bronnadh ann ag deireadh an lae dena buaite óraí.

Le thart fá sé bliain anois, téann na foirne faoi 14, girseacha agus gausraí ar thuras thar oíche go CLG na Sáirséalaigh, Cill Laobhaini Co. Mhuineachán. Faigheann na foirne seans dul síos agus an chead bliain eile tagann an fhoireann anuas. Thosaigh seo uilig leis an Ghaeilge a spreagadh i gclub na sáirséalaigh, agus tá sé go fóill ag dul ar aghaidh.

Gach bliain bíonn Campaí Samhradh ar siúil do paistí ó 6 bliana d’aois suas go 14 bliana d’aois. Bíonn na campaí ar siúl an samhradh iomlán. Bíonn go leor cluichí agus imeachtaí ar siúil le linn an campa. Má bíonn an aimsir chomh maith téann na paistí ar siúlóidí cois trá chun cluichí a imirt ansin. Faigheann gach paiste a bhíonn ag freastal ar na campaí t-léine, briste gearra peile agus stocaí peile.

Ónairí[6] cuir in eagar

Craobh na Sinsear 1935, 1938, 1941, 1944, 1945, 1946, 1947, 1949, 1953, 1954, 1955, 1961, 2002, 2006
Sraith an Chontae 1936, 1937, 1938, 1939, 1942, 1946, 1950, 1953, 1970, 1973, 2003, 2006
Craobh Uladh faoi 21 2018
Craobh faoi 21 an Chontae 1971, 1984, 1991, 2005, 2016, 2017,
Craobh faoi 18 1933, 1934, 1958, 1960, 1976, 1987, 1999, 2014
Craobh faoi 16 1958, 1962, 2011, 2012, 2017
Craobh faoi 15 2011, 2012
Craobh faoi 14 1967, 1986, 2010, 21012
Craobh faoi 13 1985, 2016
Craobh faoi 12 1985
Comórtas Peile na Gaeltachta (Dún na nGall) 1969, 1971, 1972, 1973, 1978, 1993, 2002, 2003, 2004, 2005, 2007, 2008, 2010, 2012
Comórtas Peile na Gaeltacht (Náisiúnta) 1969, 1975, 1976, 1994, 2002, 2006, 2007, 2012, 2013

Foireann Faoi 21 a bhain craobh Uladh 1 cuir in eagar

  1. Cathal J. Ó Dochartaigh

2. Ciarán Mac Aodha

3. Gary Mac Pháidin

4. Ryan Ó Ceallaigh

5. Conor Mac Éamharcaigh

6. Niall Ó Frighil (C)

7. Neasán Mac Giolla Bhríde

8. Micheal Ó Cearbhaill

9. Odhrán Mac Pháidin Ó Féaraigh

10. Naoise Ó Baoill

11. Cian Ó Maolagáin

12. Dáire Ó Baoil

13. Seaghán Ó Féaraigh

14. Gavin Mac Giolla Bhríde

15. Éamonn Ó Colm

16. Gavin Mac Suibhne

17. Patrick Ó Gribben

18. Ciaran Mac Giolla Easpaig

19. Ethan Ó Hearcáin

20. Conor Mac Pháidin

21. Mickey Ó Baoil

22. Sean Ó Baoil

23. Eoghan Ó Gallchóir

24. Sean de Brún

25. Daniel Mac Lochlainn

26. Aodán Ó Féaraigh

27. Micheal Óg Ó Gallchóir

28. Seamus Ó Baoil

29. Conor Ó Baoil

30. Mark Mac Pháidin

31. Tiarnán Ó Dea

Bainisteoir: Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpuig,

Có Bainisteoir: Sean Ó Duibhir, Caoimhin Ó Casaide, Sean Ó Gallchóir, Deaglán Mac Suibhne.

Saol an Phobal cuir in eagar

Tá páirt lárnach ag an pheil Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael i saol na ndaoine i bpobal Ghaoth Dobhair agus tá dlúth cheangal ag an phobal leis an chumann. Is cumann láidir Gaelach agus Gaeltachta í paróiste Gaoth Dobhair. Tá baint ag beagnach gach duine sa ceantar leis an chlub ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Bíonn an oiread rudaí ag dul sa chlub go bhfuil rud ann do gach duine. Bíonn gach duine ag tabhairt tacaíocht do na foirne nuair atá cluiche nó rud ar bith ag dul ar aghaidh. Tabharann na comhlachtaí áitiúla uairríocht do na foirne go léir chomh maith agus cuidíonn sin go mór leis an chlub.


Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.donegaldemocrat.ie/gaoth-dobhair/Gaoth-Dobhair-notes-2201.4904901.jpg[nasc briste go buan]
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-15. Dáta rochtana: 2018-04-04.
  3. Agallamh Le Kevin Cassidy
  4. Agallamh le Neil McGee
  5. http://www.donegalsporthub.com/29018-2/
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-15. Dáta rochtana: 2018-04-04.