Dialóg
Sna healaíona (scannánaíocht, litríocht srl) is éard atá i gceist le dialóg ná caint nó comhrá na gcarachtar.[1]
Is í an dialóg an rud is tábhachtaí sa drámaíocht, agus sa scannánaíocht agus sa litríocht go minic. Mura bhfuil comhrá bríomhar idir na carachtair, is dócha go mbeidh an dráma, leabhar nó scannán féin leadránach agus leamh.[2]
Dialóg ‘nádúrtha’
cuir in eagarIs minic a deir daoine gur maith leo dialóg ‘nádúrtha’ – dialóg nach bhfuil rud ar bith ‘aisteach’ nó ‘ciotach’ inti. Ach le fírinne, tá difear mór idir chomhrá nádúrtha agus an dialóg i ndráma nó i scannán. Is annamh a labhraíonn daoine in abairtí iomlána. Déanann siad botúin ghramadaí. Athraíonn siad an chomhréir i lár abairte. Agus is cinnte nach mbaineann siad úsáid as lúibíní ina gcuid cainte, gan trácht ar leathstadanna. Lena chois sin ní bhíonn daoine gonta ná ábhartha; ní éiríonn leo scéal a insint gan céad scéal eile a tharraingt isteach agus gan míle tagairt a dhéanamh don aimsir. Anuas air sin ar fad bíonn blas réigiúnda le sonrú ar chaint daoine go minic, nó stíl chainte a léireodh cén aoisghrúpa nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, nó saintréithe pearsanta eile.[3]
Smaoinigh, mar shampla, ar na frásaí a úsáidimid nuair nach féidir linn cuimhneamh ar rud éigin, nó nuair a bhíonn níos mó ama ag teastáil uainn. Bíonn ‘um’ agus ‘á’ ann go minic, chomh maith le frásaí mar seo:[2]
• mar a déarfá • tá a fhios agat • an dtuigeann tú • saghas/cineál de
Ní bhíonn na frásaí sin le cloisteáil go minic i ndrámaí nó i scannáin. Nuair a bhíonn daoine ag caint go nádúrtha, ní labhraíonn siad in abairtí iomlána. B’fhéidir go mbeidís leath bealaigh trí abairt amháin nuair a thosóidís ar abairt eile.
Chomh maith leis sin, bíonn daoine eile ag briseadh isteach ar a gcuid cainte an t-am ar fad. Bheadh sé thar a bheith leadránach a bheith ag éisteacht le ‘comhrá nádúrtha’ ar an stáitse. Bheadh sé an-deacair an dráma a thuiscint fiú.[2]
Conas dialóg mhaith a scríobh
cuir in eagarIs léir go mbíonn a lán oibre i gceist le dialóg a scríobh. Seo roinnt prionsabal a úsáideann drámadóirí agus scríbhneoirí scripte ina gcuid oibre:[2]
- Caithfidh a stíl chainte féin a bheith ag gach carachtar. Má labhraíonn na carachtair ar an mbealach céanna, beidh an dráma (1) leadránach agus (2) ní bheidh an lucht féachana ábalta na carachtair éagsúla a aithint.
- Caithfidh easaontas a bheith ann. Ní gá go mbeadh na carachtair ag marú a chéile ó thús deireadh an dráma, ach caithfidh teannas a bheith ann. Cuimhnigh: ní dráma go coimhlint.
- Caithfidh na línte a bheith gairid, gonta. Ba cheart seal cainte gach carachtair a bheith gairid – timpeall 2 nó 3 líne. Tá eisceachtaí ann, áfach. Corruair, ligtear do charachtar píosa fada cainte a dhéanamh ag pointe tábhachtach sa dráma. Monalóg a thugtar air sin.[2]
- Ceann de na peacaí marfacha sa scríbhneoireacht ficsin ná ligean do charachtar rudaí a mhíniú atá ar eolas cheana féin ag an té a mbíonn an carachtar sin ag caint leo.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 cogg.ie / Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh (2019). "Dúchas: Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1)". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 3.0 3.1 Alex Hijmans / tuairisc.ie (26 Feabhra 2024). "An chaint san fhicsean – bíonn blas ar an mbeagán".