Caitilín Dubh
File ab ea Caitilín Dubh (fl. 1624-1629) agus rian na hoiliúna ar a saothar. Ní fios cén sloinne a bhí uirthi ach b’fhéidir gur bhean de Bhrianach í.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1600 |
Bás | 1650 49/50 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Tuamhain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1624 – |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is léir go raibh caidreamh aici ar na huaisle a luann sí. Chaoin sí Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (a fuair bás in 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirealach Rua Mac Mathúna (fear céile Mháire, a fuair bás in 1629); Diarmaid Ó Briain, Barún Inse Uí Chuinn a fuair bás in 1624. Scríobh sí filíocht aiceanta a raibh rian fhilíocht na scoileanna le haithint uirthi.
Protastúnach ab ea Donnchadh Ó Briain. Fuair sé oiliúint i gcúirt Eilís I agus d’fhan sé dílis don Choróin, é ag troid le hAodh Ó Néill agus é gualainn ar ghualainn le Mountjoy ag Cionn tSáile. Ach ní chuireann Caitilín Dubh in iúl go mothaíonn sí deighilt mhór a bheith ann idir Gall agus Gael in Éirinn. Tá tocht de shaghas eile le fáil sa dán a chaoineann Diarmaid Ó Briain, an Barún, agus a bhfuil sliocht as le léamh thíos.
Tá clú na draíochta uirthi sa bhéaloideas in iarthar Chontae an Chláir agus í ag dul i ngleic le mná sí na Mumhan. Deirtear gur bhean feasa a hiníon Caitilín Óg freisin.
Sliocht as caoineadh a rinneadh do Dhiarmaid Ó Briain
cuir in eagar- Gach cléireach dá léaghadh an Bíobla
- ní léir dho éinlitir síos de,
- ó t’éagsa chlaonadar fiodhbha
- ní réabaid éisc shrotha a líonta.
- Ní léimeann réidhdhamh tar slighe amach
- ní fhéadann cú béalfhada síneadh air,
- ní éirghid na réalta san oidhche
- táid spéarthaibh an aedhair ar aoinchrith
- ó th’éagsa a lámh dhéanta na ndaonnacht
- nár ob éigse fá spréidh do shíneadh
- nach tug méinn do shéadaibh saoghalta
- ná fuath chéile a dhéanamh ar aoinneach,
- acht searc don mhaith is ceas re cinnteacht,
- nár char bean tar cheart a caoimhthigh
- nár ghlac breab ar bhreath do chlaonadh
- nár bhain don lag ceart a shinnsear...
Tagairtí
cuir in eagarAinm.ie: Caitilín Dubh (fl. 1624-1629): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2134
Máirín Ní Dhonnchadha (eag.), "Courts and Coteries II," in Bourke, Angela (eag.) (2002). The Field Day Anthology of Irish Writing, Volume 4. NYU Press, lgh 399-405.