Caomhnóirí na Talún (clár teilifíse)
sraith theilifíse ar TG4
Clár teilifíse ón mbliain 2024 é Caomhnóirí na Talún. Sa chlár feictear go bhfuil meath tubaisteach tagtha ar éin, beacha fiáine agus plandaí dúchasacha ar fud na tuaithe. Áirítear diansaothrú na feirmeoireachta agus na foraoiseachta ar cheann de na cúiseanna is mó atá leis seo. Má tá feabhas le teacht ar an mbithéagsúlacht, dar le lucht an chláir seo, is ar thalamh feirme na tíre a tharlóidh sé. Leantar cúigear feirmeoirí sa tsraith seo ó IWR Media agus iad ag feirmeoireacht, ag dul i ngleic le deacrachtaí, ag plé leis an dúlra, ag cruthú agus ag caomhnú gnáthóga ar a bhfeirmeacha, ag triail smaointe nua agus ag iarraidh an dúlra agus a slí bheatha a chosaint.
Séanra | sraith theilifíse fhaisnéiseach |
---|---|
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
An chéad eipeasóid | 4 Meán Fómhair 2024 |
Líon eipeasóidí | 4 |