Cape May, New Jersey
Baile i ndeisceart New Jersey is ea Cape May. Tá sé suite i gContae Cape May ag an áit a dtagann Bá Delaware le chéile leis an Aigéan Atlantach. Is é an áit is faide ó dheas i New Jersey é. Baile saoire é Cape May. Bhí 3,558 duine ina gcónaí ann de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2013.
Cape May, New Jersey | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Gheirsí | ||||
Contae de chuid Nua-Gheirsí | Contae Cape May | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,768 (2020) | ||||
• Dlús | 370.18 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 1,401 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 7.47739 km² | ||||
• Uisce | 12.3459 % | ||||
Airde | 3 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1611 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 08204 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 609 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | capemaycity.com |
Stair
cuir in eagarBhí daoine ag caitheamh an tsamhraidh ar an rinn agus ar an oileán ar a bhfuil Cape May suite fiú sular tháinig na chéad Eorpaigh, mar bhíodh sé mar nós ag brainse de na Lenni-Lenape, bundúchasaigh sa chuid sin tíre, cur fúthu ansin le feidhm a bhaint as leoithní anoir an aigéin sna míonna is teo den bhliain [1]
Thosaigh daoine as Philadelphia ag caitheamh a gcuid ama shaoir sa samhradh in Cape May i lár an 18ú haois, rud a fháganns gur áirítear Cape Mar mar an bhaile saoire is sine sna Stáit Aontaithe. Tugadh aitheantas do Cape May mar chathair sa bhliain 1869. Tá an oiread sin foirgnimh shnásta thraidisiúnta in Cape May—tithe i stíl Victeoireach sa chuid is mó—go ndearnadh Sainchomhartha Stairiúil Náisiúnta den bhaile ar fad sa bhliain 1976. Is é Cape May an t-aon chathair iomlán sna Stáit Aontaithe a bhfuil an stádas sin aici.
Geilleagar
cuir in eagarTá tóir ar Cape May i measc turasóirí go dtí an lá inniu: Is féidir breis is 40,000 cuairteoirí a bheith ann ar laethanta samhraidh. Caitheann a lán daoine as Québec a laethanta saoire in Cape May agus i mbailte saoire eile mar Wildwood in aice leis. Tagann na báid farantóireachta ó Lewes, Delaware, isteach i gcuan Cape May.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Santelli, Robert (2006). "Guide to the Jersey Shore: From Sandy Hook to Cape May". Guilford, Connecticut: Insiders' Guides. OCLC 22509728.