Capella
Is é Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon thuaidh Auriga agus an séú réalta is gile i spéir na hoíche ag teacht tar éis Vega. Tá méid radharcach de 0.08 aige agus dearbhmhéid de 0.296. Níl Capella ina réalta amháin ach ina chóras réaltach de cheithre réaltaí ina bhfuil dhá chúpla dénártha. Tá sa chéad chúpla dhá réaltaí ollmhóra de chineál -G a nglaoitear Capella Aa agus Capella Ab ortha. Tá siad i bhfithis an ghearr de chianfhad 0.76 Aonaid Réalteolaíochtacha (A.R.) as a chéile agus le tréimhse fithiseach de 104 lá.
S’é Capella Aa an ceann níos gile den bheirt le rang speictreach G8III (G8 fathach) cé go bhfuil Ab giota beag níos lú agus é sa rang G0III (G0 fathach). Tá mais ag Aa a bhfuil níos mó faoi 3.05 ná sin den Ghrian agus ag Ab níos mó faoi 2.57. Tá a gcorplár de bhreosla hidrigineach caite ag a mbeirt acu agus rinneadh réaltaí ollmhóra díobh ach níl sé follasach go fóill cé'n áit go beacht a bhfuil siad ar an slí éabhlóideach réaltach. Ar chianfhad de 10,000 A.R. ón chéad chúpla tá an bheirt réaltaí eile le fail agus iad ina dhá abhac dearg, lag, beag agus go measartha fionnuar. Tugtar Capella H agus Capella L dóibh. Tá a lán réaltaí eile a bhfuil Capella mar ainm acu ó Capella C go dtí Capella G agus ó I go dtí K ach níl siad gaolta le chéile ach go bhfuil siad go léir sa réimse radharcach céanna. Tá an córas Capella go measartha in aice láithreach ar chianfhad nach bhfuil ach 42.8 solasbhlianta.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "The Perkins catalog of revised MK types for the cooler stars" (as Béarla) (Deireadh Fómhair 1989): 245–266. doi: .
- ↑ 2.0 2.1 "Accurate masses and radii of normal stars: modern results and applications" (as Béarla) (7 Deireadh Fómhair 2009) (1-2): 67-126. doi: .
- ↑ "UBVRIJKL photometry of the bright stars" (1966): 99.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Eva Grebel (11 Feabhra 2016). "SP_Ace: a new code to derive stellar parameters and elemental abundances" (as Béarla): 2–2. doi: .
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 Floor van Leeuwen (2007). "Validation of the new Hipparcos reduction" (as Béarla) (2): 653–664. doi: .
- ↑ Katia Cunha (14 Bealtaine 2004). "S⁴N: A spectroscopic survey of stars in the solar neighborhood" (as Béarla) (1): 183-205. doi: .