Troideadh Cath Machias le linn Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá ar 11-12 Meitheamh 1775, an chéad chath ar muir i gcogadh na saoirse.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Machias
Boston campaign (en) Aistrigh agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta1775
Comhordanáidí44° 41′ 04″ N, 67° 22′ 59″ O / 44.6844°N,67.3831°W / 44.6844; -67.3831
ÁitMachias, Maine
TírThirteen Colonies (en) Aistrigh
Scúnar timpeall an ama seo

Imeachtaí

cuir in eagar

Sa bhliain 1775, bhí gá ag na Sasanaigh le hadhmad chun beairicí a thógaint i mBostún. Chuir an tAimiréal Samuel Graves dhá bhád thráchta, Unity agus Polly, agus bád cogaidh HMS Margaretta á dtionlacan, ó thuaidh go Cuan Machias chun lastas adhmaid a bhreith ar ais. Chuireadar ancaire i gCuan Machias ar 9 Meitheamh 1775. Duine darbh ainm Moore a bhí ina chaptaen ar an Margaretta. Níor chuir éinne fáilte rompu.[1]

Cúpla seachtain roimhe sin, thóg muintir Machias an bhratach Betsy Ross[2] sa chearnóg, ag céiliuradh an troda a fearadh i Lexington, srl. Nuair a chonaic Moore an bhratach, tháinig colg air agus dúirt sé go ntógfadh sé an baile timpeall.

Chuaigh muintir Machias i gcomhairle le chéile agus shocraigh siad ar iarracht a dhéanamh ar an Margaretta a ghabháil. B’iad Maurice Ó Briain, Corcaíoch, agus a sheisear mac, Jeremiah, Gideon, John, William, Dennis agus Joseph, a bhí chun tosaigh sa bhfiontar seo.[1]

Faoi cheannas Jeremiah Ó Briain agus i ngan fhios dona Sasanaigh ghabh buíon fear an long Unity. Chuaigh timpeall dhá scór fear ar bord go fáilí. Shleamhnaigh Joseph Ó Briain ar bord. Ní raibh sé ach sé bliana dhéag agus bhí a athair tar éis a rá leis fan sa bhaile agus aire a thabhairt dá mháthair. Taobh amuigh de cúpla muscaed, ní raibh i bhfoirm arm ag na fir ach pící féir, tuanna agus bataí. É sin agus dóchas ard. Bhí rud eile ar a thaobh — eolas domhain ar an bhfarraige agus ar sheoltóireacht.[1]

Scaoileadar an bád agus ligeadar le sruth í. Máirnéalach críochnaithe ba ea Jeremiah agus thuig sé na sruthanna sa chuan. Chonaic an Margaritta an Unity ag teacht ina threo ach níor thug sé aon cheann di go dtí go raibh sé ródhéanach. D’éirigh le Jeremiah ceann cinn (bowsprit) an Unity a chur in achrann i seol mór an Margaritta. Dhreap na Meiriceánaigh ar bord. Mharaíodar Moore agus naonúr eile desna Sasanaigh. Maraíodh seisear Meiriceánach. Rinne Joseph Ó Briain cion fir sa troid agus tugadh claíomh Moore dó de bharr a chrógachta.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Barra Ó Donnabháin (2011-02-16). "Irish Column: HMS Margaretta agus na Brianaigh.". Irish Echo. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  2. "Betsy Ross flag" (as en) (2021-05-29). Wikipedia.