Cathal Carragh Ua Conchobair
Rí na gConnacht ba ea Cathal Carrach Ó Conchúir (Meán-Ghaeilge Cathal Carrach Ua Conchobair). Bhí sé i réimeas ón mbliain 1189 go dtí 1202.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 haois |
Bás | 1202 |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Teaghlach | |
Athair | Conchobar Maenmaige Ua Conchobair |
Duine de sheachtar mac an rí, Conchobar Maenmaige, ba ea Cathal. Ní fios cérbh iad nó a mháthair nó a bhean chéile. Bhain sé cáil amach ar dtús le linn Cath na Rídhamhnaí sa bhliain 1185, ag tacaíocht lena athair in éadan a sheanathar, Ruairí, agus deartháir Ruairí, Cathal Crobhdhearg.
I ndiaidh dhúnmharú a athar sa bhliain 1189, chuaigh Cathal ar thóir an mharfóra, Conchúr ó Diarmada saoithiúil, agus mharaigh sé é. Rinneadh rí de Chathal, ach go bhfreasúra Chathal Crobhdhearg. Mar thoradh an achrainn, tháinig airm Normannacha siar thar an Sionainn don chéad uair, ag troid ar son na beirte.
Maraíodh Cathal i mbun catha ag An gCorrshliabh sa bhliain 1202. Bhí mac amháin aige ar a laghad, Melaghlin, a maraíodh deich mbliana ina dhiaidh.
Foinsí
cuir in eagar- Ua Conchobair, Cathal Carrach, Ailbhe Mac Shamhrain, in Dictionary of Irish Biography ... to the year 2002: Volume 9, Staines - Z, lch. 569. Cambridge, 2010.
Tagairtí
cuir in eagar
Réamhtheachtaí Conchobar Maenmaige Ua Conchobair |
Rí Chonnacht 1190–1202 |
Comharba Cathal Crobhdhearg Ua Conchobhair |