Ceist na Teangan (Dán)
dán le Nuala Ní Dhomhnaill
Sa dán seo, déanann an file Nuala Ní Dhomhnaill cuir síos ar an Ghaeilge i bhfoirm an meafar 'bádidín leochaileach sobhriste' agus ina ndeir sí go bhfuil a cuid dánta chomh leochaileach céanna.
Téacs
cuir in eagarSiad na focla ná:
- Ceist na Teangan
- Cuirim mo dhóchas ar snámh
- i mbáidín teangan
- faoi mar a leagfá naíonán
- i gcliabhán
- a bheadh fite fuaite
- de dhuilleoga feileastraim
- is bitiúman agus pic
- bheith cuimilte lena thóin
- ansan é a leagadh síos
- i measc na ngiolcach
- is coigeal na mban sí
- le taobh na habhann,
- féachaint n’fheadaraís
- cá dtabharfaidh an sruth é,
- féachaint, dála Mhaoise,
- an bhfóirfidh iníon Fharoinn?