Ceithre Thíogar Áiseacha

Tugtar Na Ceithre Thíogar Áiseacha (nó Na Ceithre Dhragún Áiseacha, Na Ceithre Dhragún Bheaga as Sínis agus Cóiréis) ar Hong Cong, Singeapór, an Chóiré Theas, agus an Téaváin, ar geilleagair fhorbartha in Oirthear na hÁise iad ar fad. Idir na 1950idí agus na 1990idí luatha, chuaigh siad i mbun tionsclaíochta sciobtha agus chothaigh siad rátaí fáis níos mó ná 7 faoin gcéad in aghaidh na bliana.

Na Ceithre Thíogar Áiseacha agus a mbratacha

Geilleagair ardioncaim a bhí iontu faoi thús an 21ú chéad: is lárionaid airgeadais idirnáisiúnta iad Hong Cong agus Singeapór, agus déantúsaíocht comhchodanna leictreonacha agus gléasanna an speisialtóireacht atá ag an gCóiré Theas agus Téaváin. Tá brú déanta ag institiúidí móra iad a úsáid mar eiseamláirí do thíortha i mbéal forbartha, go háirithe na Geilleagair Coileáin Tíogair in oirdheisceart na hÁise.[1][2]

Dar le tuarascáil Míorúilt na hÁise Thoir foilsithe ag an mBanc Domhanda i 1993, beartais nualiobrálacha ba chúis leis an mborradh eacnamaíoch, lena n-áirítear díriú ar easpórtáil, cánacha ísle agus stáit leasa beaga. Fuarthas amach in anailísí institiúideacha go raibh méid áirithe idirghabhála stáit i gceist freisin, áfach.[3] De réir roinnt saineolaithe, bhí tionchar i bhfad níos mó ag beartais tionsclaíochta agus idirghabháil stáit ná mar atá maíte i dtuarascáil an Bhainc Dhomhanda.[4][5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Can Africa really learn from Korea?”. Afrol News (24 November 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 December 2008. Dáta rochtana: 16 February 2009.
  2. Leea (2 September 2008). "Korean economic growth and marketing practice progress: A role model for economic growth of developing countries". Industrial Marketing Management 37 (7): 753–757. doi:10.1016/j.indmarman.2008.09.002. 
  3. "The Dictionary of Human Geography" (2009) (5th ed.). Malden, MA: Blackwell. ISBN 978-1-4051-3287-9. 
  4. Rodrik (1 April 1997). "The 'paradoxes' of the successful state" (as en). European Economic Review 41 (3–5): 411–442. doi:10.1016/S0014-2921(97)00012-3. ISSN 0014-2921. 
  5. Chang (2006). "The East Asian Development Experience". ISBN 9781842771419. Dáta rochtana: 28 September 2020.