Celia de Fréine

file Éireannach

Is scríbhneoir í Celia de Fréine a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, ina measc Duais Patrick Kavanagh agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht. Tá iliomad duaiseanna Oireachtais buaite aici dá drámaí mar aon le duaiseanna dá scripteanna scannán agus teilifíse sa tír seo agus i Meiriceá. Bhuaigh Ceannródaí, a beathaisnéis ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, Duais Taighde na Bliana de chuid ACIS (2018) agus ainmníodh é ar ghearrliosta do Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shúilleabháin . Ainmníodh Cur i gCéill, an chéad choirscéinséir óna peann, ar ghearrliosta do Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2020). Foilsíodh An Dara Rogha léi in 2021.

Infotaula de personaCelia de Fréine

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1948
75/76 bliana d'aois
Baile Nua na hArda, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Lancaster Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Suíomh gréasáinceliadefreine.com Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar