Charles Dawson
Polaiteoir Éireannach ab ea Charles Dawson, (Luimneach 1842-Márte 1917 Baile Átha Cliath) mac le Michael Dawson agus Maryanne Clarke. Phós sé iníon le William Carroll i Luimneach sa bhliain 1873. Fuair sé oideachas in Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Ba Ard-Sirriam Luimnigh é idir 1876-77. Bhí sé i láthair ag an gcéad chruinniú foirmiúil den 'Society for the Preservation and Cultivation of the Irish Language and Literature' (a ghlaoite ina dhiaidh sin 'Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge'). Ba Ardmhéara Bhaile Átha Cliath é ar feadh na mblianta 1882 agus 1883. Scríobh sé paimfléid éagsúla faoi chúrsaí oideachais agus ailt ar an gceart vótála san 'Fortnightly Review', srl. Shuígh é do Bhuirg Cheatharlach ó Aibreán 1880 go dtí gur scoir sé sa bhliain 1885. Ba Liobrálach é a bhí i bhfabhar 'rialtas in Éirinn arna riaradh ag muintir na hÉireann.' Ba é an Teachta Parlaiminte do Bhuirg Cheatharlach é, agus an duine deireanach.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1842 Luimneach |
Bás | 1917 74/75 bliana d'aois |
Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
31 Márta 1880 – 18 Samhain 1885 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 22ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Carlow Borough (en) Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1880 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chaitliceach na hÉireann |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |